Is le maoiniú ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon a cuireadh na físagallaimh seo ar fáil.
Uaidh seo amach, beidh podchraoladh léirmheastóireachta, seachas físagallamh, á chur ar fáil againn faoi leabhar na míosa gach mí. Is féidir teacht ar na podchraoltaí seo trí chliceáil ar rannóg na bpodchraoltaí thuas nó trí chliceáil anseo.
Labhair Aodh Ó Gallchóir le Micheál Ó Conghaile faoin gcnuasach pléascach gearrscéalta An Fear a Phléasc, atá mar leabhar mhí na Nollag ag ClubLeabhar.com. Tá domhan úr cruthaithe ag Micheál Ó Conghaile anseo, domhan nach raibh riamh ann agus nach mbeidh ann go deo ach a bhfuil a fhírinne aisteach shochreidte aige ar a shon sin
Labhair Aodh Ó Gallchóir le hIan Ó Caoimh faoin úrscéal bleachtaireachta Cú na mBaskerville, atá mar leabhar mhí na Samhna ag ClubLeabhar.com. Tá mallacht clainne, cú allta, osnádúrthacht, mistéir agus go leor eile idir lámha ag Sherlock Holmes sa leabhar seo.
Labhair Aodh Ó Gallchóir le Pádraic Breathnach, iarléachtóir le Gaeilge agus úrscéalaí, faoina úrscéal gaisciúil, fuinniúil Deargadaoil i mBád fó Thoinn, atá mar leabhar mhí Dheireadh Fómhair ag ClubLeabhar.com. Cé gur dúirt an t-údar gur ficsean ar fad atá sa leabhar, d’admhaigh sé gur meascán de dhaoine éagsúla atá sna carachtar ach nach ar aon duine ar leith a bhunaigh sé iad.
Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, le hÓrla Ní Chuilleanáin faoin leagan Gaeilge den chlasaic álainn osréalaíoch, Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi le Lewis Carroll, atá mar leabhar mhí Mheán Fómhair ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne. Scéal samhraidh atá in ‘Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas’ le Lewis Carroll (Charles Lutwidge Dodgson), a foilsíodh den chéad uair i mí Iúil 1865. Is le paca cártaí a bhaineann roinnt mhaith de charachtair agus d’eachtraí an leabhair sin. Scéal geimhridh is ea an scéal seo, ‘Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi’. Ar chluiche fichille a bunaíodh formhór dá bhfuil ann. Is é Nicholas Williams a chuir an t-aistriúchán Gaeilge ar fáil, a foilsíodh sa bhliain 2003.
Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, leis an Ollamh Comhlach le Litríocht agus le Teanga na Gaeilge in Ollscoil Notre Dame, Brian Ó Conchubhair, faoi Gearrscéalta ár Linne, an cnuasach gearrscéalta a chuir sé in eagar atá mar leabhar mhí an Mheithimh ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne.
Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, leis an duais-scríbhneoir Seán Mac Mathúna faoina úrscéal beoga Gealach, atá mar leabhar mhí na Bealtaine ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne.
Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, leis an Ollamh Gearóid Denvir ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, faoin gcnuasach gearrscéalta iomráiteach Dúil, le Liam Ó Flaithearta, atá mar leabhar mhí Aibreáin ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne. Is é Dúil an t-aon bhailiúchán scéalta Gaeilge de chuid Uí Fhlaithearta a foilsíodh riamh.
Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, leis an údar agus iriseoir Pól Ó Muirí faoina chnuasach scéalta bleachtaireachta d’fhoghlaimeoirí fásta An Bealach Cóir, atá mar leabhar mhí an Mhárta ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne. Mhínigh sé dó cén fáth a raibh Garda chomh oiriúnach mar phríomhcharachtar i leabhar d’fhoghlaimeoirí.
Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, leis an údar Liam Mac Cóil faoina úrscéal stairiúil An Litir, atá mar leabhar mhí Feabhra ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne. Bhí bealach iontach suimiúil ag Liam le léiriú a dhéanamh ar an modh le leabhar eachtraíochta a scríobh.
Labhair Éamonn Ó Dónaill, le hAlex Hijmans le déanaí faoi “Gonta”, leabhar mhí Eanáir ar ClubLeabhar.com.
Labhair riarthóir ClubLeabhar.com, Diarmuid Ó Mathúna, le roinnt de na húdair a scríobh aiste do leabhar mhí na Nollag, An Ghaeilge i gCéin.
Labhair Riarthóir ClubLeabhar.com, Diarmuid Ó Mathúna, leis an údar agus iriseoir Liam Mac Cóil le déanaí agus bhí sé breá bríomhar agus é ag déanamh cur síos ar An Prionsa Beag le hAntoine de Saint-Exupéry arna aistriú go Gaeilge ag Breandán Ó Doibhlinn.
Labhair Riarthóir ClubLeabhar.com, Diarmuid Ó Mathúna, leis an údar agus iriseoir Corcaíoch Liam Ó Muirthile le déanaí agus thug seisean léargas spéisiúil dó ar shaothar Sheáin Uí Ríordáin agus ar na nithe éagsúla ina shaol a raibh tionchar acu ar a chuid dánta.
Labhair Riarthóir ClubLeabhar.com Diarmuid Ó Mathúna leis an údar agus scoláire Louis de Paor le déanaí agus mhínigh seisean an tábhacht a bhain le An Béal Bocht agus an aidhm a bhí ag Brian Ó Nualláin nuair a scríobh sé é.
Chuir mé agallamh ar Gabriel Rosenstock le déanaí agus labhair sé liom faoin leabhar, faoi spioradáltacht na hIndia agus faoi haikunna.
Labhair Pádraic Ó Siadhail liom faoi na deacrachtaí a bhaineann le fíorais agus ficsean a nascadh le chéile chun úrscéal stairiúil a scríobh agus faoi na fadhbanna a bhaineann le bheith ag scríobh faoin laoch litríochta Pádraic Ó Conaire.
Labhair mé le Pádraig Standún le déanaí agus bhí go leor rudaí spéisiúla le rá aige faoin leabhar, faoi bheith ag scríobh i dteanga nach í a mháthairtheanga í agus faoi théamaí conspóideacha a chuid leabhar.
Labhair mé hÉilís Ní Anluain, údar Filleann Seoirse maidir le téamaí an leabhair agus faoina réamhshaol spéisiúil.
Labhair mé le Ciarán Mac Murchaidh, eagarthóir Filíocht Ghrá na Gaeilge faoin ngrá mar théama, faoin dán is fearr leis sa chnuasach agus faoi shaibhreas nua-litríocht na Gaeilge.
Labhair Máire Mhac an tSaoi, údar Scéal Ghearóid Iarla, leabhar mhí Eanáir, faoin gcúis ar chinn sí ar scríobh faoin bpearsa staire seo, faoina modh scríbhneoireachta agus faoin úrscéal nua atá idir lámha aici faoi láthair.
Labhair Biddy Jenkinson, údar Duinnín - Bleachtaire ar an Sceilg, leabhar mhí na Nollag, faoin tábhacht a bhaineann leis na carachtair ina cuid leabhar agus faoi na cosúlachtaí idir foclóirithe agus bleachtairí.
Labhair muid le hAoife Uí Fhaolláin, scoláire iarchéime de chuid na Comhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta, faoi Lig Sinn i gCathú, leabhar mhí na Samhna. Tá tráchtas scríofa ag Aoife faoi shaothar iriseoireachta Bhreandáin Uí Eithir agus bhí go leor rudaí spéisiúla le rá aici faoi na cosúlachtaí idir saol an údair agus imeachtaí an leabhair, faoi pholaitíocht an chogaidh chathartha agus go leor eile.
Labhair ClubLeabhar.com le hAodán Mac Póilín, duine d’eagarthóirí leabhar mhí Dheireadh Fómhair, an cnuasach gearrscéalta Bás in Éirinn, le déanaí faoin scéal is fearr leis sa chnuasach, faoi stádas litríocht na Gaeilge agus faoin gcúis ar roghnaíodh an bás mar théama an leabhair.
Labhair ClubLeabhar.com le déanaí le Nicholas Williams, aistritheoir Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas. Bhí neart rudaí spéisiúla le rá aige faoi Eilís a aistriú go Gaeilge agus faoi chúrsaí aistriúcháin i gcoitinne. Is fiú go mór éisteacht leis an méid atá le rá aige, cuir i gcás, faoin tslí a gcuirfeá Gaeilge ar “Mr. Bennett”, duine de na carachtair in Pride and Prejudice.
Labhair ClubLeabhar.com le hAlan Desmond, údar leabhar mhí an Mheithimh faoin saol sa Pholainn agus faoi na húrscéalta atá scríofa aige don fhoghlaimeoir fásta. Is féidir an t-agallamh a léamh ach cliceáil anseo.
Labhair ClubLeabhar.com le Proinsias Mac a’ Bhaird, údar leabhar mhí na Bealtaine faoina úrscéal Rún an Bhonnáin, faoina shaol mar údar agus faoina áit dhúchais, Árainn Mhór. Is féidir an t-agallamh a léamh ach cliceáil anseo.
Labhair ClubLeabhar.com le Seán Mac Mathúna, údar leabhar mhí Aibreáin faoin mbailiúchán gearrscéalta Úlla, faoin leagan taifeadta de na scéalta atá ar fáil anois agus faoina shaol mar scríbhneoir.Is féidir an t-agallamh a léamh ach cliceáil anseo.
Labhair ClubLeabhar.com le hAnna Heussaff, údar leabhar mhí an Mhárta aoina húrscéal nua bleachtaireachta, faoina saol mar údar agus faoi Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath. Is féidir an t-agallamh a léamh ach cliceáil anseo.