Agallamh le Seán Mac Mathúna

30 Aibreán 2013

Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, leis an duais-scríbhneoir Seán Mac Mathúna faoina úrscéal beoga Gealach, atá mar leabhar mhí na Bealtaine ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne. Thug Seán cur síos ar an ról tábhachtach a bhí ag capaill ina shaol féin agus é ag éirí aníos agus an tuiscint dhomhain atá aige orthu dá bharr.

Is féidir leat éisteacht leis an agallamh iomlán ach cliceáil anseo.

Agallamh le Gearóid Denvir

28 Márta 2013

Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, leis an Ollamh Gearóid Denvir ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, faoin gcnuasach gearrscéalta iomráiteach Dúil, le Liam Ó Flaithearta, atá mar leabhar mhí Aibreáin ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne.

Is féidir éisteacht leis an agallamh iomlán ach cliceáil anseo.

Agallamh le Pól Ó Muirí

28 Feabhra 2013

Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, leis an údar agus iriseoir Pól Ó Muirí faoina chnuasach scéalta bleachtaireachta d’fhoghlaimeoirí fásta An Bealach Cóir, atá mar leabhar mhí an Mhárta ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne.

Is féidir éisteacht leis an agallamh iomlán ach cliceáil anseo.

31 Eanáir 2013

Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, leis an údar Liam Mac Cóil faoina úrscéal stairiúil An Litir, atá mar leabhar mhí Feabhra ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne.

Is féidir éisteacht leis an agallamh iomlán ach cliceáil anseo

Agallamh le hAlex Hijmans

02 Eanáir 2013

Labhair Éamonn Ó Dónaill, le hAlex Hijmans le déanaí faoi “Gonta”, leabhar mhí Eanáir ar ClubLeabhar.com. Bailiúchán de chuid gearrscéalta an scríbhneora Ollannaigh atá in “Gonta”. Tá Alex ag cur faoi sa Bhrasaíl le roinnt blianta anuas agus sna scéalta seo léiríonn sé aicmí éagsúla de chuid na sochaí ar bhealach tuisceanach, fíordhaonna.

Is féidir éisteacht leis an agallamh ina iomláine anseo

Agallamh le hAlex Hijmans, Victor Bayda agus Pádraig Ó Liatháin

28 Samhain 2012

Labhair riarthóir ClubLeabhar.com, Diarmuid Ó Mathúna, le roinnt de na húdair a scríobh aiste do leabhar mhí na Nollag, An Ghaeilge i gCéin.


Alex Hijmans

Pádraig Ó Liatháin

Victor Bayda

Agallamh le Liam Mac Cóil

30 Deireadh Fómhair 2012

Labhair Riarthóir ClubLeabhar.com, Diarmuid Ó Mathúna, leis an údar agus iriseoir Liam Mac Cóil le déanaí faoi An Prionsa Beag le hAntoine de Saint-Exupéry, leabhar mhí na Samhna ClubLeabhar.com. Rinne Liam cur síos bríomhar ar an leabhar álainn cruthaitheach seo.

Is féidir éisteacht leis an agallamh ina iomláine anseo

Agallamh le Liam Ó Muirthile

28 Meán Fómhair 2012

Labhair Riarthóir ClubLeabhar.com, Diarmuid Ó Mathúna, leis an údar agus iriseoir Corcaíoch Liam Ó Muirthile le déanaí faoi leabhar mhí Dheireadh Fómhair ClubLeabhar.com, Seán Ó Ríordáin: Na Dánta , agus thug seisean léargas spéisiúil dó ar shaothar Sheáin Uí Ríordáin agus ar na nithe éagsúla ina shaol a raibh tionchar acu ar a chuid dánta.

Is féidir éisteacht leis an agallamh ina iomláine anseo

Agallamh le Louis de Paor

27 Lúnasa 2012

Labhair Riarthóir ClubLeabhar.com Diarmuid Ó Mathúna leis an údar agus scoláire Louis de Paor le déanaí agus mhínigh seisean an tábhacht a bhain le An Béal Bocht agus an aidhm a bhí ag Brian Ó Nualláin nuair a scríobh sé é.

Is féidir éisteacht leis an agallamh ina iomláine anseo

Leabhair don tréimhse Meán Fómhair - Nollaig 2012

3 Iúil 2012

Tar éis dúinn comhairle agus moltaí a fháil ó bhaill an chlub agus ó roinnt de na foilsitheoirí Gaeilge, tá liosta curtha le chéile againn don tréimhse Meán Fómhair – Nollaig 2012. Is iad seo a leanas na leabhair atá roghnaithe againn:

Meán Fómhair - An Béal Bocht le Myles na gCopaleen

Tá an leabhar seo ar cheann de na leabhair Ghaeilge is cáiliúla a scríobhadh riamh. Tá cáil dhomhanda agus meas domhanda ar an úrscéal grinn seo agus is teist mhaith é ar an saothar go bhfuil ag méadú ar a sheasamh i gcónaí, bíodh is gur scríobhadh é os cionn seasca bliain ó shin.

Bhí an leabhar as cló le tamall anuas ach rinneadh athchló air le déanaí. Mar sin, tá an-áthas orainn an tsraith nua de ClubLeabhar.com a thosú leis an tsáreiseamláir seo d’aoir liteartha.

Deireadh Fómhair - Seán Ó Ríordáin: Na Dánta

Bhí an-éileamh ar an gcéad chnuasach filíochta a roghnaigh ClubLeabhar.com, Filíocht Ghrá na Gaeilge, agus, dá bhrí sin, tá díolaim eile dánta roghnaithe againn mar leabhar mhí Dheireadh Fómhair.

Bhí Seán Ó Ríordáin ar dhuine de mhórfhilí na Gaeilge san fhichiú haois. Sa leabhar seo, tá cnuasaithe le chéile faoi aon chlúdach amháin, den chéad uair riamh, a shaothar iomlán filíochta: na trí chnuasach a foilsíodh lena bheo, Eireaball Spideoige (1952), Brosna (1964) agus Línte Liombó (1971), chomh maith leis an saothar a cuireadh i gcló tar éis don fhile imeacht ar shlí na fírinne, Tar Éis mo Bháis (1978).

SamhainAn Prionsa Beag le hAntoine de Saint-Exupéry, arna aistriú go Gaeilge ag Breandán Ó Doibhlin

Ó foilsíodh an leabhar seo den chéad uair i bhFraincis i 1943, táthar tar éis é a aistriú go breis is 250 teanga eile. Is é ceann de na leabhair is mó díol riamh é agus tá níos mó ná 200 milliún cóip de díolta ar fud an domhain.

Aistear iontach foghlama trí thíortha agus trí phláinéid i bhfad i gcéin atá faoi chaibidil sa saothar seo. Is aistriúchán iontach é an leagan Gaeilge nach gcailleann blas an bhunsaothair a raibh aigne fhiosrach an duine óig le sonrú chomh mór sin air. Cé go bhfuil teanga an leabhair simplí, tá doimhneacht ag baint leis chomh maith. Is clasaic é An Prionsa Beag atá oiriúnach do gach aoisghrúpa.

NollaigAn Ghaeilge i gCéin: Pobal agus Féiniúlacht Idirnáisiúnta

Tá áit lárnach ag an imirce, an deoraíocht agus an filleadh, corruair, i litríocht na Gaeilge. Tá saothair scríofa ag go leor údar - Máirtín Ó Díreáin, Pádraic Ó Conaire agus Myles na gCopaleen ina measc - maidir le tábhacht na háite dúchais agus leis an gceangal idir féiniúlacht agus an áit dhúchais.

Is bailiúchán aistí é seo a thugann spléachadh ar shaol an chainteora Gaeilge i gcéin. Tá smaointe ann ar fhéiniúlacht na teanga i gcomhthéacs idirnáisiúnta agus an dearcadh úr atá ag an té nach bhfuil ag cur faoi in Éirinn. Tá ailt le mic léinn, le teagascóirí, le hiriseoirí agus le gníomhaithe teanga sa leabhar seo ina ndéantar machnamh ar thábhacht na Gaeilge agus ar an leas a bhaintear aisti i Nua-Eabhrac, cuir i gcás, Ceanada, an Bhrasaíl agus an Rúis.

Is leabhar spéisiúil é seo a ina bhfiosraítear an nasc idir tír agus teanga agus na féidearthachtaí nua-aimseartha atá i ndán di.

Féile Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath – Baile Oíche

5 Meitheamh 2012

Tá Féile Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath faoi lánseol faoi láthair agus, tráthnóna amárach, an 6 Meitheamh, beidh imeacht spéisiúil dátheangach ar siúl sa Workman’s Club ar Ché Wellington. Seó speisialta dátheangach ilmheánach é BAILE OÍCHE: AN TIONSCADAL, a dhéanfaidh ceiliúradh ar thírdhreacha na hardchathrach istoíche. Beidh ceathrar filí, Gabriel Rosenstock ina measc, ag léamh saothair nua agus iad ag freagairt d’íomhánna ó Jim Berkeley agus Mark Granier. Déanfaidh Margaret Lonergan a cuid féin de na híomhánna sin a theilgfear ar scáileán agus beidh ceol speisialta mar thionlacan leis an méid sin le Seán Mac Erlaine. Tá tuilleadh eolais faoin ócáid ar fáil thíos.

Agallamh le Gabriel Rosenstock

5 Meitheamh 2012

Labhair mé le Gabriel Rosenstock le déanaí faoina leabhar taistil Ólann mo Mhiúil as an nGainséis, faoi haikunna agus faoi spioradáltacht na hIndia. Is féidir féachaint ar an agallamh ach cliceáil ar an gcnaipe seinnte san fhíseán thíos.

Leabhar mhí Mheithimh 2012

1 Meitheamh 2012

Is é Ólann mo Mhiúil as an nGainséis, le Gabriel Rosenstock leabhar mhí an Mheithimh ar ClubLeabhar.com.

póstaer deartha ag Gaelchultúr duit chun gur féidir leat fógraíocht a dhéanamh ar an leabhar agus ar do chlub.

Agus saoire an tsamhraidh ag druidim linn, tá leabhar taistil roghnaithe againn do mhí an Mheithimh: Ólann mo Mhiúil as an nGainséis le Gabriel Rosenstock. Sa leabhar seo insítear scéal aistear Gabriel agus a mhná go Dubai, an India, Hong Cong, an tSeapáin, an Astráil, an tSile agus na Stáit Aontaithe.

Mar aon leis an ngreann, tá codanna den leabhar atá fealsúnach agus fileata. Déantar comparáid ann idir cultúr na hÉireann agus cultúir na dtíortha ina raibh an t-údar, agus féachtar go háirithe ar na cosúlachtaí idir cultúr na hIndia agus cultúr na tíre seo.


Leabhar mhí na Bealtaine 2012

1 Bealtaine 2012

Is é Beirt Bhan Mhisniúla, le Pádraig Ó Siadhail leabhar mhí na Bealtaine ar ClubLeabhar.com.

póstaer deartha ag Gaelchultúr duit chun gur féidir leat fógraíocht a dhéanamh ar an leabhar agus ar do chlub.

Is iad Pádraic Ó Conaire, mórúdar de chuid nualitríocht na Gaeilge, agus beirt de na mná i mbeatha an Chonairigh (Caitlín Ní Aodha agus Mary Morrison) na príomhphearsana san úrscéal seo.

In úrscéal ina dtarraingítear ar théamaí móra i scríbhinní Uí Chonaire féin, an grá agus an feall, is ar chrann Mary Morrison a thiteann sé teacht i gcabhair ar an té a loic ar a cara, Caitlín, is le fáil amach an bhfuil buille sa bhéim fós sa Chonaireach mar fhear is mar scríbhneoir.


Agallamh le Pádraig Standún

17 Aibreán 2012

Labhair mé le Pádraig Standún le déanaí agus bhí go leor rudaí spéisiúla le rá aige faoin leabhar, faoi bheith ag scríobh i dteanga nach í a mháthairtheanga í agus faoi théamaí conspóideacha a chuid leabhar.

Leabhar mhí Aibreáin 2012

10 Aibreán 2012

Is é I gCóngar i gCéin, le Pádraig Standún leabhar mhí Aibreáin ar ClubLeabhar.com.

póstaer deartha ag Gaelchultúr duit chun gur féidir leat fógraíocht a dhéanamh ar an leabhar agus ar do chlub.


Leabhar mhí an Mhárta 2012

9 Márta 2012

Is é Filleann Seoirse, an chéad úrscéal le hÉilís Ní Anluain, leabhar mhí an Mhárta ar ClubLeabhar.com.

póstaer deartha ag Gaelchultúr duit chun gur féidir leat fógraíocht a dhéanamh ar an leabhar agus ar do chlub.


Leabhar mhí Feabhra 2012

7 Feabhra 2012

Is í an díolaim dhátheangach chuimsitheach d’fhilíocht ghrá i nGaeilge ón luathaois go dtí an nua-aois, Filíocht Ghrá na Gaeilge, leabhar mhí Feabhra ar ClubLeabhar.com.

póstaer deartha ag Gaelchultúr duit chun gur féidir leat fógraíocht a dhéanamh ar an leabhar agus ar do chlub.


Agallamh le Máire Mhac an tSaoi

24 Eanáir 2012

Labhair Máire Mhac an tSaoi, údar Scéal Ghearóid Iarla, leabhar mhí Eanáir, faoin gcúis ar chinn sí ar scríobh faoin bpearsa staire seo, faoina modh scríbhneoireachta agus faoin úrscéal nua atá idir lámha aici faoi láthair.

Leabhar mhí Eanáir 2012

10 Eanáir 2012

Is é n t-úrscéal stairiúil nua, Scéal Ghearóid Iarla, an cnuasach nua gearrscéalta le le Máire Mhac an tSaoi leabhar mhí Eanáir ar ClubLeabhar.com.

póstaer deartha ag Gaelchultúr duit chun gur féidir leat fógraíocht a dhéanamh ar an leabhar agus ar do chlub.


Leabhair don tréimhse Eanáir–Meitheamh 2012

12 Nollaig 2012

Tar éis dúinn moltaí a fháil ó bhaill an chlub, chuireamar le chéile liosta leabhar don tréimhse Eanáir–Meitheamh 2012. Tá eolas le fáil thíos faoi na saothair atá roghnaithe againn.


Eanáir


Is é an t-úrscéal stairiúil Scéal Ghearóid Iarla le Máire Mhac an tSaoi atá roghnaithe againn do mhí Eanáir. Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin 2011 ar an úrscéal seo ag ócáid sa Leabharlann Náisiúnta le déanaí.

Taoiseach Normannach, file Gaelach, agus leasrí Shasana in Éirinn ba ea Gearóid Iarla, mar a thug na Gaeil ar Ghearóid Mac Gearailt, 3ú hIarla Dheasumhan. Leath a thiarnas ó Ché Phort Láirge anoir trí chontaetha Chorcaí, Luimnigh agus Chiarraí, agus siar chomh fada le Caisleán na Mainge. In ainneoin a chumhachta, cuimhnítear fós ar Ghearóid Iarla mar fhile a thug gean do na mná, agus mar sheandraoi.

Feabhra


Cnuasach dátheangach filíochta grá, Filíocht Ghrá na Gaeilge, a bheidh againn i mí Feabhra. Is é Ciarán Mac Murchaidh a chuir an bailiúchán seo in eagar. Díolaim chuimsitheach a rianaíonn traidisiún na filíochta grá i nGaeilge ón luathaois go dtí an nua-aois atá ann, ina bhfuil léargas iontach ar phaisean agus ar neart an ghrá. Pléitear gach gné den ghrá sna dánta agus sna hamhráin seo: meidhir an ghrá óig; greann agus suairceas an ghrá; cumha agus croíbhriseadh; dúil agus grá gan fháil; agus an grá iompaithe ina fhuath.

Márta


Triantán suthain suite i mbaile cois farraige in Éirinn na linne seo atá sa chéad úrscéal le hÉilís Ní Anluain, Filleann Seoirse. Nuair a thugann seanchara cuairt ar lánúin nuaphósta, fágann sé a lorg ar an ménage. Trí shúile na mná a nochtar an scéal seo, úrscéal a dhéanann láimhseáil phaiteanta ar mhothúcháin agus ar intleacht, agus a bhaineann chomh mór le teacht in inmhe na gcarachtar is a bhaineann le scaradh na gcompánach.

Aibreán


I gCóngar i gCéin le Pádraig Standún atá roghnaithe againn do mhí Aibreáin.

An Veinéis, Péarla na Meánmhara. Tá ealaíontóir óg, Adrienne, tagtha go dtí an chathair ársa rómánsúil seo tar éis dá pósadh cliseadh, í ag súil le tús a chur le saol nua. Casann sí ar Giorgio, tiománaí tacsaí uisce, agus éiríonn siad ceanúil ar a chéile. Ach tá rún ag Giorgio: ní Iodálach é ach Éireannach. Agus ní Giorgio an t-ainm atá air ar chor ar bith. Fear é a bhí páirteach sa ghluaiseacht phoblachtánach aimsir na dTrioblóidí agus atá in ainm is a bheith marbh. Agus tá coirpigh, chomh maith lena iarchomrádaithe, ar a thóir.

Bealtaine


Beirt Bhan Mhisniúla le Pádraig Ó Siadhail atá roghnaithe againn mar leabhar mhí na Bealtaine, ar saothar é a bhain amach an duais sa rannóg “Úrscéal – Ficsean Liteartha” i gComórtas Liteartha an Oireachtais in 2010.

Is iad Pádraic Ó Conaire, mórúdar de chuid nualitríocht na Gaeilge, agus beirt de na mná i mbeatha an Chonairigh, Caitlín Ní Aodha agus Mary Morrison, na príomhphearsana san úrscéal seo.

In úrscéal ina dtarraingítear ar théamaí móra i scríbhinní Uí Chonaire féin, an grá agus an feall, is ar chrann Mary Morrison a thiteann sé teacht i gcabhair ar an té a loic ar a cara Caitlín, agus fáil amach an bhfuil buille sa bhéim fós sa Chonaireach mar fhear agus mar scríbhneoir.

Meitheamh


Ós rud é go mbeidh saoire an tsamhraidh ag druidim linn, tá leabhar taistil roghnaithe againn do mhí an Mheithimh: Ólann mo Mhiúil as an nGainséis le Gabriel Rosenstock. Sa leabhar seo insítear scéal aistear Gabriel agus a mhná go Dubai, an India, Hong Cong, an tSeapáin, an Astráil, an tSile agus na Stáit Aontaithe.

Mar aon leis an ngreann, tá codanna den leabhar atá fealsúnach agus fileata. Déantar comparáid ann idir cultúr na hÉireann agus cultúir na dtíortha ina raibh an t-údar, agus féachtar go háirithe ar na cosúlachtaí idir cultúr na hIndia agus cultúr na tíre seo.

Agallamh le Biddy Jenkinson

9 Nollaig 2011

Labhair Biddy Jenkinson, údar Duinnín - Bleachtaire ar an Sceilg, leabhar mhí na Nollag, faoin tábhacht a bhaineann leis na carachtair ina cuid leabhar agus faoi na cosúlachtaí idir foclóirithe agus bleachtairí.

Leabhar mhí na Nollag 2011

1 Nollaig 2011

Is é Duinnín Bleachtaire ar an Sceilg, an cnuasach nua gearrscéalta le húdar An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire, Biddy Jenkinson leabhar mhí na Nollag ar ClubLeabhar.com.

póstaer deartha ag Gaelchultúr duit chun gur féidir leat fógraíocht a dhéanamh ar an leabhar agus ar do chlub.


Agallaimh le hAodán Mac Póilín agus le Nicholas Williams

14 Samhain 2011

Labhair mé le hAodán Mac Póilín, duine d’eagarthóirí leabhar mhí Dheireadh Fómhair, an cnuasach gearrscéalta Bás in Éirinn, le déanaí faoin scéal is fearr leis sa chnuasach, faoi stádas litríocht na Gaeilge agus faoin gcúis ar roghnaíodh an bás mar théama an leabhair.

Labhair ClubLeabhar.com le déanaí le Nicholas Williams, aistritheoir mhí Mheán Fómhair, Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas. Bhí neart rudaí spéisiúla le rá aige faoi Eilís a aistriú go Gaeilge agus faoi chúrsaí aistriúcháin i gcoitinne. Is fiú go mór éisteacht leis an méid atá le rá aige, cuir i gcás, faoin tslí a gcuirfeá Gaeilge ar “Mr. Bennett”, duine de na carachtair in Pride and Prejudice.

Leabhar mhí na Samhna 2011

8 Samhain 2011

Is é an léiriú greannmhar ar fhadhbanna an mhic léinn Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hEithir leabhar mhí na Samhna ar ClubLeabhar.com.

póstaer deartha ag Gaelchultúr duit chun gur féidir leat fógraíocht a dhéanamh ar an leabhar agus ar do chlub.


Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2011

11 Deireadh Fómhair Fómhair 2011

Is é an cnuasach de chuid de na gearrscéalta is lárnaí i litríocht na Nua-Ghaeilge Bás in Éirinn leabhar mhí Dheireadh Fómhair ar ClubLeabhar.com.

póstaer deartha ag Gaelchultúr duit chun gur féidir leat fógraíocht a dhéanamh ar an leabhar agus ar do chlub.


IMRAM 2011

27 Meán Fómhair 2011

Beidh féile IMRAM 2011 ar siúl idir an 14 agus and 22 Deireadh Fómhair agus tá clár na féile ar fáil anois!

Leabhar mhí Mheán Fómhair 2011

7 Meán Fómhair 2011

Is é aistriúchán Nicholas Williams ar an leabhar cáiliúil do pháistí Alice’s Adventures in Wonderland leabhar mhí Mheán Fómhair ar ClubLeabhar.com.

póstaer deartha ag Gaelchultúr duit chun gur féidir leat fógraíocht a dhéanamh ar an leabhar agus ar do chlub.


An tsraith nua de ClubLeabhar.com

1 Meán Fómhair 2011

Go raibh míle maith agaibh as na moltaí ar fad a chur chugainn maidir le leabhair na chéad sraithe eile; bhí sé an-deacair rogha a dhéanamh. Mar is eol daoibh, déanann ClubLeabhar.com iarracht leabhair atá róchasta agus acadúil a sheachaint. Tá súil agam go mbeidh sibh sásta leis na leabhair atá roghnaithe againn don tréimhse Meán Fómhair – Nollaig.

Mí Mheán Fómhair

Tá an tseoid seo de chuid litríocht na bpáistí, Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas, roghnaithe againn mar leabhar mhí Mheán Fómhair. Tá clú agus cáil ar bhunleagan an leabhair seo ó foilsíodh den chéad uair é in 1865. San aistriúchán iontach seo, a rinne an scoláire mór le rá Nicholas Williams, ní chailltear aon chuid de ghreann ná d’imeartais focal an bhunleagain. Nuair nárbh fhéidir Gaeilge a chur ar nath, d’fhéach an t-aistritheoir lena mhacasamhail i nGaeilge a chur ina áit.

Tá an bunleagan Béarla ar fáil ar líne saor in aisce anseo agus, mar is gnách, beidh sliocht as an leabhar agus gluais ar fáil ar shuíomh ClubLeabhar.com.

Mí Dheireadh Fómhair

Cnuasach nua gearrscéalta atá roghnaithe againn mar leabhar mhí Dheireadh Fómhair: Bás in Éirinn atá curtha in eagar ag Aodán Mac Póilín agus Róise Ní Bhaoill. Tá na seacht scéal sa bhailiúchán seo ar chuid de na gearrscéalta is lárnaí i litríocht na Nua-Ghaeilge. Tá saothair le Liam Ó Flaithearta, Pádraic Ó Conaire, Séamus Ó Grianna, Seosamh Mac Grianna agus Daithí Ó Muirí i measc scéalta an leabhair.

Tá téacs comhthreomhar Béarla ag dul le gach scéal a chuideoidh leis an léitheoir cleachtadh agus forbairt a dhéanamh ar a chuid scileanna sa teanga gan a bheith de shíor ag breathnú ar an bhfoclóir.

Mí na Samhna Is é an t-úrscéal stairiúil L’Attaque le hEoghan Ó Tuairisc a bheidh mar leabhar na míosa i mí na Samhna. Úrscéal gearr, neamhghnách agus corraitheach é L’Attaque a bhaineann le héirí amach 1798 agus le teacht arm na bhFrancach faoin nGinearál Humbert go Cill Ala, Co. Mhaigh Eo.

Mí na Nollag

Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hEithir atá roghnaithe againn do mhí na Nollag. Léiriú greannmhar ar fhadhbanna an mhic léinn atá san úrscéal spraíúil seo. Tugann Breandán Ó hEithir fogha faobhrach magúil faoi lucht an léinn, na heaglaise, na polaitíochta agus an spóirt – crainn taca na sochaí.

Leabhar mhí an Mheithimh 2011

13 Meitheamh 2011

Is é an leabhar taistil Seal sa Pholainn le hAlan Desmond leabhar mhí an Mheithimh.
póstaer deartha ag Gaelchultúr duit chun gur féidir leat fógraíocht a dhéanamh ar an leabhar agus ar do chlub.


Leabhar mhí na Bealtaine 2011

4 Bealtaine 2011

Is é Rún an Bhonnáin le Proinsias Mac a’ Bhaird leabhar mhí na Bealtaine.
póstaer deartha ag Gaelchultúr duit chun gur féidir leat fógraíocht a dhéanamh ar an leabhar.


Saothair mhí an Aibreáin 2011

6 Aibreán 2011

Is iad an pacáiste ceithre dhlúthdhiosca Niall Tóibín ag léamh Gearrscéalta le Seán Mac Mathúna agus an cnuasach gearrscéalta Úlla saothair mhí Aibreáin ar ClubLeabhar.com.
póstaer deartha ag Gaelchultúr duit chun gur féidir leat fógraíocht a dhéanamh ar an leabhar.


An Chéad Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Litríocht Ghaeilge na nÓg

15 Márta 2011

Beidh an chéad Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Litríocht Ghaeilge na nÓg á tionóil i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, ar an 8-9 Aibreán 2011.

Tá clár na comhdhála ar fáil anseo.

Scaipigí an scéala, le bhur dtoil agus téigí chuig an chomhdháil má bhíonn deis agaibh. Tá fáilte roimh chách!

Léamh Dramatúil ar Duinnín ar an Sceilg le Biddy Jenkinson

10 Márta 2011

Ba mhór ag Craobh Aimhirgin tú a bheith i láthair i gClub an Chonartha, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Dé Luain 14 Márta ag 9.00pm nuair a bheidh Biddy Jenkinson ag léamh óna leabhar Duinnín ar an Sceilg.

Scaipigí an scéala, le bhur dtoil, agus téigí chuig an léamh má bhíonn deis agaibh!

Leabhar mhí an Mhárta 2011

3 Márta 2011

Is é Buille Marfach le hAnna Heussaff leabhar mhí an Mhárta.
póstaer deartha ag Gaelchultúr duit chun gur féidir leat fógraíocht a dhéanamh ar an leabhar.


Agallamh le hAnna Heussaff, údar leabhar mhí an Mhárta ar ClubLeabhar.com

1 Márta 2011

In agallamh eisiach le Nuachtlitir Ghaelchultúir, labhair an t-údar cáiliúil Anna Heussaff le Michelle Ryan, riarthóir ClubLeabhar.com, faoina húrscéal nua bleachtaireachta, faoina saol mar údar agus faoi Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath.

Is féidir an t-agallamh a léamh anseo.

Imeachtaí Gaeilge mar chuid d’Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath

Beidh go leor imeachtaí Gaeilge mar chuid d’Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath i mbliana. Tá clár na féile ar fáil anseo.

I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl beidh:

• Seoladh an leabhair Tromach Tramach le hOrna Ní Choileáin Dé hAoine, an 4 Márta, Halla na Cathrach ag 3p.m.

• Cathal Póirtéir i gComhrá le hAlex Hijmans Dé Sathairn, an 5 Márta, Seomra na Comhairle, Halla na Cathrach, ag 3.10p.m.

• Cathal Póirtéir i gComhrá le hÉilís Ní Dhuibhne Dé Sathairn, an 5 Márta, Seomra na Comhairle, Halla na Cathrach, ag 4.15p.m.

• Ficsean Úr as Gaeilge Dé Domhnaigh, an 6 Márta, Seomra na Comhairle, Halla na Cathrach ag 5.00p.m. Eoghan Mac Giolla Bhríde, Orna Ní Choileáin agus Anna Heussaff faoi chathaoirleacht Liam Carson.

Leabhar mhí Feabhra 2011

11 Feabhra 2011

Is é A Thig Ná Tit Orm le Maidhc Dainín Ó Sé leabhar mhí Feabhra.
póstaer deartha ag Gaelchultúr duit chun gur féidir leat fógraíocht a dhéanamh ar an leabhar.


Leabhar mhí Eanáir 2011

4 Eanáir 2011

Is é Favela le hAlex Hijmans leabhar mhí Eanáir.


póstaer deartha ag Gaelchultúr duit chun gur féidir leat fógraíocht a dhéanamh ar an leabhar.


Leabhar mhí na Nollag 2010

2 Nollaig 2010

póstaer deartha ag Gaelchultúr duit chun gur féidir leat fógraíocht a dhéanamh ar leabhar mhí na Nollag: an scéal bleachtaireachta Sceon na Mara le Liam Ó Muirthile.


Leabhar mhí na Samhna 2010

1 Samhain 2010

póstaer deartha ag Gaelchultúr duit chun gur féidir leat fógraíocht a dhéanamh ar leabhar mhí na Samhna: an leabhar taistil Ó Chósta go Cósta le Frank Reidy.


Ó Chósta go Cósta

22 Deireadh Fómhair 2010

Comhghairdeas le Frank Reidy, a bhuaigh Duais an Údair i gComórtas Liteartha an Oireachtais i mbliana dá leabhar Ó Chósta go Cósta. Beidh an leabhar seo mar leabhar mhí na Samhna ar Clubleabhar.com agus tá sé ar fáil anois ó www.siopa.ie .


Scéalta Átha Cliath

12 Deireadh Fómhair 2010

Ná déanaigí dearmad go bhfuil An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire roghnaithe ag Leabharlanna Bhaile Átha Cliath don fhéile Scéalta Átha Cliath. Idir an 12 agus an 22 Deireadh Fómhair, beidh an t-údar, Biddy Jenkinson ag léamh sleachta as an leabhar i leabharlanna mhórcheantar Átha Cliath. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo. Scaipigí an scéala, le bhur dtoil, agus téigí chuig ceann de na léamhanna má bhíonn deis agaibh.

Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2010

1 Deireadh Fómhair 2010

póstaer deartha ag Gaelchultúr duit chun gur féidir leat fógraíocht a dhéanamh ar leabhar mhí Dheireadh Fómhair: an t-úrscéal An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire le Biddy Jenkinson.


An Séala Eorpach Teanga 2010

28 Meán Fómhair 2010

Bronnadh an Séala Eorpach Teanga 2010 ar ClubLeabhar.com ag ócáid in Ollscoil na hÉireann Má Nuad Dé Luain, 27 Meán Fómhair. Tugtar aitheantas leis an duais seo do shlite cruthaitheacha nuálaíocha chun feabhas a chur ar chaighdeán múinte agus foghlama teanga.



Ócáid seolta An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire le Biddy Jenkinson

28 Meán Fómhair 2010

Tá an leabhar An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire le Biddy Jenkinson (leabhar mhí Dheireadh Fómhair ar ClubLeabhar.com) roghnaithe ag Leabharlanna Bhaile Átha Cliath don fhéile Scéalta Átha Cliath. Déanfar Scéalta Átha Cliath a sheoladh sa Leabharlann Náisiúnta ag 7.00 p.m., Dé Céadaoin, 29 Meán Fómhair. Tá tuilleadh eolais ar shuíomh IMRAM, imram.ie.

Scaipigí an scéala, le bhur dtoil, agus téigí chuig an seoladh má bhíonn deis agaibh!


Ócáid seolta na leabhar Buille Marfach le hAnna Heussaff agus Daoine a Itheann Daoine le Mícheál Ó Ruairc

6 Meán Fómhair 2010

Beidh Buille Marfach le hAnna Heussaff á sheoladh ag an scríbhneoir Catherine Foley, agus beidh Daoine a Itheann Daoine le Mícheál Ó Ruairc á sheoladh ag an scríbhneoir Seán Mac Mathúna, Déardaoin, 16 Meán Fómhair, ag 7.30 p.m. in Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath 1, mar chuid d’imeachtaí fhéile IMRAM.

Scaipigí an scéala, le bhur dtoil, agus téigí chuig an seoladh má bhíonn deis agaibh!


Leabhar mhí Mheán Fómhair 2010

31 Lúnasa 2010

póstaer deartha ag Gaelchultúr duit chun gur féidir leat fógraíocht a dhéanamh ar leabhar mhí Mheán Fómhair: an t-úrscéal Gluaiseacht le hAlan Titley.


Seoladh leabhair

26 Lúnasa 2010

Beidh an leabhar nua, Ficheall, le hÚna O Boyle á sheoladh idir 2.00-4.00 p.m. Dé Domhnaigh, 5 Meán Fómhair, in Óstán Boyne Valley, Droichead Átha, Co. Lú. Cuirfear fáilte roimh chách.

Tá níos mó eolais faoin leabhar ar fáil ag www.ficheall.com agus ar Facebook.

Scaipigí an scéala, le bhur dtoil, agus téigí chuig an seoladh má bhíonn deis agaibh!


An chéad sraith de ClubLeabhar.com

19 Iúil 2010

Gabhaimid buíochas libh as a bheith páirteach sa chéad sraith de ClubLeabhar.com. Tá deireadh leis an tsraith sin anois ach cuirfear tús leis an gcéad cheann eile i mí Mheán Fómhair. Beidh leabhair na sraithe sin le feiceáil ar ClubLeabhar.com ón mí seo chugainn ar aghaidh.

Tá an liosta de leabhair na chéad sraithe eile á chur le chéile againn faoi láthair agus ba mhaith linn moltaí a fháil uaibhse atá mar bhaill de ClubLeabhar.com. Má tá leabhar Gaeilge ar bith a thaitin go mór libh agus ba cheart, dar libh, a roghnú mar leabhar na míosa sa bhliain atá romhainn, seol sonraí an leabhair sin chugainn ag an seoladh eolas@clubleabhar.com nó scríobh ar fhóram ClubLeabhar.com iad.


Leabhar mhí an Mheithimh 2010

27 Bealtaine 2010

póstaer deartha ag Gaelchultúr duit chun gur féidir leat fógraíocht a dhéanamh ar leabhar mhí an Mheithimh: an t-úrscéal Ar Muir is ar Sliabh le Dermot Somers.


Leabhar mhí na Bealtaine 2010

28 Aibreán 2010

póstaer deartha ag Gaelchultúr duit chun gur féidir leat fógraíocht a dhéanamh ar leabhar mhí na Bealtaine: an t-úrscéal Cúpla Focal le hAnna Heussaff.


Léirmheasanna ar leabhar na míosa

13 Aibreán 2010

Ar mhaith leatsa léirmheas a scríobh ar leabhar na míosa ar ClubLeabhar.com agus duais €60 a bhuachan? Seo do sheans!

Ó mhí Aibreáin 2010 ar aghaidh, bronnfar duais €60 gach mí ar an léirmheas is fearr a scríobhfar mar gheall ar leabhar na míosa sin. Chun páirt a ghlacadh sa chomórtas seo, seol do léirmheas chuig eolas@clubleabhar.com. Má bhíonn sé ar chaighdeán sásúil, ceartófar é agus cuirfear sa rannóg ‘Léirmheasanna ar leabhair na míosa’ ar ClubLeabhar.com é. Caithfidh an léirmheas a bheith scríofa i nGaeilge agus níor cheart go mbeadh níos mó ná 600 focal ann.

Cuirfear do léirmheas i gcló an mhí dár gcionn san iris mhíosúil Beo! (www.beo.ie), rud a fhágfaidh go léifidh na mílte duine é, i ngach cearn den domhan.