Nuair a bhí mé féin ag toiseacht amach ar mo thuras foghlamtha i dtaca leis an Ghaeilge, ba ghnách liom Tuarascáil a léamh san Irish Times sna hochtóidí. I ndáiríre, is é Tuarascáil a mheall mé chuig an Irish Times an chéad lá riamh. Thaitníodh na hailt liom san am, agus más buan mo chuimhne bhíodh comórtas beag ann gach seachtain ina bhféadfadh na léitheoirí téarmaí agus foclaí úra Gaeilge a chur ar fhoclaí i mBéarla. Gheobhadh an buaiteoir gach seachtain roinnt puntaí mar dhuais. Bhí mé féin sa Cheis Fhada san am. Ceann de na cinn ab fhearr is cuimhin liom ná ‘Preabán Spéire’ a moladh mar leagan Gaeilge ar ‘Helicopter’ an Bhéarla. D’fhéadfadh an Coiste Téarmaíochta agus lucht na foclóireachta a bheith chomh hoscailte leis seo agus iad ag cuartú agus ag cumadh foclaí agus téarmaí úra. Tá mianach sa phobal.
Ach, is cuimhin liom brón agus díomá a bheith orm roinnt blianta ina dhiaidh sin nuair a léigh mé go raibh an t-iriseoir a bhí i mbun Tuarascáil ag éirí as an ról sin. Bhí gliondar beag orm nuair a thit an phingin ón Réamhrá sa leabhar seo ‘Cinnlínte’, gur seo é ar ais os mo chomhair arís! (Sin más buan mo chuimhne).
Tá ardmheas agam ar an stíl scríbhneoireachta anseo: gonta, glan, soiléir, struchtúrtha go maith, friotal comhaimseartha curtha go deas sa Ghaeilge, spásáil mhaith don chló ar an leathanach, gan a bheith rófhoclach. Tá gach scil an iriseora le feiceáil sa scríbhneoireacht sa leabhar seo fosta.
|