Táim ag ceapadh gur éiríonn leis an údar an béaloideas agus a shaothar litríochta féin a shníomh le chéile. Is dócha gur chuala sé scéal no scéalta, ar a bhunaigh sé an t-úrscéal, sa bhéaloideas nuair a bhí sé óg. De dheasca sin, mhothaigh mé go raibh ceangal maith agam le sinsir an údair a mhair agus a bhásaigh le linn an Ghorta Mhóir in Éirinn.
|