In áiteanna sa scéal tá an stíl an-liteartha ar fad, mar shampla ag tús Caibidle 8 agus an t-údar ag tabhairt cur síos ar bia flúirseach i ‘saol samhailteach’ teaghlach Sheáin Mhicil. I gcomhthéacs téama an Ghorta Mhóir, bhí na codarsnachtaí idir ganntanas agus flúirse sa leabhar oiriúnach. Mar ghné eile den stíl scríobhneoireachta, bhí an léitheoir tarraingthe isteach i meabhair na gcharachtar, go háirithe an príomhcharachtar Seán Mhicil, an giorria a bhí á fhiach aige agus Freáilí, finné ar dhúnmharú.
|