Leabhar mhí Aibreáin 2011

Is iad an pacáiste ceithre dhlúthdhiosca Niall Tóibín ag léamh Gearrscéalta le Seán Mac Mathúna agus an cnuasach gearrscéalta Úlla saothair mhí Aibreáin ar ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

0 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Niall Tóibín ag léamh gearrscéalta le Seán Mac Mathúna / Úlla
Niall Tóibín ag léamh gearrscéalta le Seán Mac Mathúna / Úlla
Foilsitheoir: Cois Life

ClubLeabhar.com - Saothair mhí Aibreáin 2011

Is féidir saothair mhí Aibreáin ar ClubLeabhar.com a cheannach le chéile ar phraghas speisialta anseo.

Niall Tóibín ag léamh gearrscéalta le Seán Mac Mathúna

Cuirtear i láthair ar an taifeadadh seo cuid de na gearrscéalta is fuaimintiúla sa Nua-Ghaeilge, iad á léamh ag aisteoir iomráiteach a chuireann a shainchló gutha féin orthu. Baineann Niall Tóibín cor nua insinte as ocht scéal le Seán Mac Mathúna - An Seamlas, Leaca an Tí Mhóir, Ding, Gadaithe, Tuatha Dé Danann, Aos Ifrinn, Sodar Breá Bog go Cluain Uí Eachaigh agus Na Quizmháistrí - a thugann diminsean nua ar fad dóibh. Tá na scéalta seo go léir sa chnuasach Úlla. Clasaicí iad na scéalta cheana féin ar an leathanach clóite, agus is cinnte gur clasaic eile a bheidh sa taifeadadh seo.

Ceithre CD ar fad, féasta éisteachta.

Is féidir na dluthdhioscaí a cheannach ina n-aonar anseo

Úlla le Seán MacMathúna

Rogha gearrscéalta as na cnuasaigh Ding (1983) agus Banana (1999) móide ábhar nua leis an máistir ghearrscéalaí Seán Mac Mathúna.

Is féidir Úlla a cheannach ina haonar anseo

Nóta: Táimid an-bhuíoch den fhoilsitheoir, Cois Life, as sliocht as an leabhar agus comhad fuaime ón dlúthdhiosca a chur ar fáil dúinn. Is leosan cóipcheart na saothar agus tá na sleachta curtha ar fáil anseo le haghaidh úsáide pearsanta amháin.