Leabhar mhí na Samhna 2011

Is é an léiriú greannmhar ar fhadhbanna an mhic léinn Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hEithir leabhar mhí na Samhna ar ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

4 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Lig Sinn i gCathú
Lig Sinn i gCathú
ISBN 0-8628967-5

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí na Samhna 2011

Is é úrscéal seo Bhreandáin Uí Eithir, Lig Sinn i gCathú, a foilsíodh den chéad uair i 1976, an t-aon leabhar Gaeilge a bhí riamh ag barr an liosta leabhar is mó díol.

Baile an Chaisil an t-ainm atá ar an mbaile ollscoile ina bhfuil an t-úrscéal suite ach is léir gur cathair na Gaillimhe atá i gceist i ndáiríre. 1948 atá ann, an bhliain a fógraíodh Poblacht na hÉireann agus a d’fhág an tír an Comhlathas. Ach tá an mac léinn óg Máirtín Ó Méalóid agus a chairde míchlúiteacha róthógtha leis an ragairne agus leis an gcraiceann le mórán airde a thabhairt ar an eachtra thábhachtach stairiúil seo.

Ach is deireadh seachtaine cinniúnach é seo i saol Mháirtín. An ndéanfaidh sé athmhuintearas lena mhuintir? An bhfanfaidh sé dílis d’aon bhean amháin? An gcromfaidh sé choíche ar an staidéar? Úrscéal greannmhar, géarchúiseach a thuill clú don údar nuair a foilsíodh é sna seachtóidí.