Leabhar mhí Feabhra 2012

Is í an díolaim dhátheangach chuimsitheach d'fhilíocht ghrá i nGaeilge ón luathaois go dtí an nua-aois, Filíocht Ghrá na Gaeilge, leabhar mhí Feabhra ar ClubLeabhar.com
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

4 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Filíocht Ghrá na Gaeilge
Filíocht Ghrá na Gaeilge
ISBN 978-1-901176-86-5
Foilsitheoir: Cois Life

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí Feabhra 2012

Díolaim chuimsitheach a rianaíonn traidisiún na filíochta grá i nGaeilge ón luathaois go dtí an nua-aois. Seo chugainn léargas iontach ar phaisean agus ar neart an ghrá. Pléitear gach gné den ghrá sna dánta agus sna hamhráin seo - meidhir an ghrá óig; greann agus suairceas an ghrá; cumha agus croíbhriseadh; dúil agus grá gan fháil; agus an grá iompaithe ina fhuath.

Tá cumhacht mhothálach na bhfilí féin go mór chun cinn agus iad ag céiliúradh chastacht an ghrá. Breacann Ciarán Mac Murchaidh an comhthéacs liteartha inar cumadh na dánta sainiúla seo agus cuireann brí nua i dtéacsanna clasaiceacha do phobal úr. Maisithe go healaíonta ag Anna Nielsen.