Leabhar mhí Feabhra 2015

Is é an t-úrscéal gaiscíochta I dTír Strainséartha le Liam Mac Cóil leabhar mhí Feabhra ar ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

4 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

I dTír Strainséartha
I dTír Strainséartha
ISBN 978-1-909907-53-9
Foilsitheoir: Leabhar Breac

In Éirinn, Earrach na bliana 1612, tugtar litir thábhachtach do Lúcás Ó Briain le breith faoi rún chun na Róimhe agus le leagan i láimh Aodha Mhóir Uí Néill, Iarla Thír Eoghain. Tá Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh ag iarraidh airm ar Rí na Spáinne le filleadh ar Éirinn agus le cumhacht Shasana sa tír a bhriseadh. Cuireann Lúcás chun farraige agus feallmharfóir rua an namhad, an Sionnach tiomanta díocasach, ar a thóir. Seo é an dara leabhar i sraith úrscéalta suite in Éirinn agus ar Mhór-Roinn na hEorpa sna blianta corraitheacha sin tar éis Imeacht na hIarlaí.