Leabhar mhí na Nollag 2013

Is é an cnuasach pléascach gearrscéalta An Fear a Phléasc le Micheál Ó Conghaile leabhar mhí na Nollag ar ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

0 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

An Fear a Phléasc
An Fear a Phléasc
ISBN 1-874700-79-6
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Tá domhan úr cruthaithe ag Micheál Ó Conghaile anseo, domhan nach raibh riamh ann agus nach mbeidh ann go deo ach a bhfuil a fhírinne aisteach shochreidte aige ar a shon sin – domhan atá an-chosúil le gleann mistéireach na ndeor seo againne … strus, imní, éigiall, spearbail, greann agus uile. Má tá greann anseo, áfach, is greann áiféiseach é; feadaíl sa dorchacht. Laistiar den áiféis ardaítear ceisteanna móra i dtaobh fhéiniúlacht an duine agus an chúis gurb ann dó sa chéad áit.

Micheál Ó Conghaile ag léamh sleachta ó An Fear a Phléasc, leabhar mhí na Nollag ar ClubLeabhar.com.