Leabhar mhí na Bealtaine 2014

Insint úr bhríomhar ar an Táin, nó Táin Bó Cuailgne mar fearr aithne air, atá san úrscéal grafach seo ó Chló Mhaigh Eo, atá roghnaithe againn mar leabhar mhí na Bealtaine ar ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

0 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

An Táin
An Táin
(Úrscéal Grafach)
ISBN 1 899922 28 8
Foilsitheoir: Cló Mhaigh Eo

An Táin (Úrscéal Grafach) le Colmán Ó Raghallaigh, Ealaín: The Cartoon Saloon

Tagann éad as cuimse ar an mBanríon, Méabh, nuair a theipeann uirthi a fear céile, Ailill, a shárú maidir le maoin agus saibhreas. Aige siúd atá an Fionnbheanach, tarbh nach bhfuil a leithéid ar le fáil in Éirinn. Nó an bhfuil?

Seo insint úr bhríomhar ar an Táin, nó Táin Bó Cuailgne mar fearr aithne air. Am éigin roimh 1106 A.D. a scríobhadh an lámhscríbhinn Gaeilge is ársa dá bhfuil ann, agus áirítear é ar cheann de mhórscéalta an domhain. Tá uaisleacht, crógacht agus tragóid an bhunscéil fite fuaite go healaíonta san úrscéal grafach seo.