Leabhar mhí Mheán Fómhair 2016

Is é an leabhar staire Éagóir le Seán Ó Cuirreán leabhar mhí Mheán Fómhair ar ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

9 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

512 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Éagóir
Éagóir
Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna
ISBN 978-1-907494-61-1
Foilsitheoir: Cois Life

Insint líofa léir atá sa leabhar seo ar eachtra staire atá greanta go glé fós i ndaonchuimhne an phobail lenar bhain sí. Baineann croí an scéil le crochadh éagórach agus príosúnú saoil ar dhaoine neamhchiontacha bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle.

Dúnmharuithe barbartha i ndorchadas na hoíche i bpobal iargúlta i nDúiche Sheoighe, ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo, sa bhliain 1882, a thionscain na himeachtaí uile. Níl críoch fós le hiarmhairtí an tsléachta sin agus ní bheidh fad a mhaireann daoine a chreideann go bhfuil admháil oifigiúil tuillte i gcónaí i gcás go n-aithnítear éagóir dhlíthiúil nó iomrall ceartais.

Insint úrnua í seo ar iomlán an scéil le pictiúir stairiúla agus taifid oifigiúla nár foilsíodh cheana i bhfoirm leabhair.