Leabhar mhí an Mhárta 2018

Scéal faoi bhean a chailleann a cuid cuimhní ar fad atá mar leabhar mhí an Mhárta ar Clubleabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

16 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

An Leathanach Bán
An Leathanach Bán
ISBN 978-1-911363-19-4
Foilsitheoir: Leabhar Breac

“Beidh ‘chuile shórt go breá ... tá seoladh agam, agus ticéid ar an metro ... agus mapa de Pháras. Chuile shórt go breá. Tiocfaidh sé ar fad ar ais chugam faoi cheann nóiméid.” Ar bhinse sráide, i bPáras, tá bean óg ag iarraidh teacht chuici féin. Níl cuimhne aici ar a hainm, nár ar an bhfáth a bhfuil sí san áit sin. Tá a cuimhne tar éis imeacht uirthi. Le greann agus tuiscint, insíonn Pénélope Bagieu agus Boulet scéal na tóraíochta seo, tóraíocht na féiniúlachta.