Evertype

http://www.evertype.com/

http://www.evertype.com/

Books published by Evertype:
Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas
Lewis Carroll

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2011

Is seoid de chuid litríocht na bpáistí an leabhar Béarla Alice’s Adventures in Wonderland a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1865. Tá na pictiúir cháiliúla a bhí sa chéad eagrán Béarla le fáil sa leagan nua Gaeilge seo le Nicholas Williams.

Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi
Lewis Carroll

“Ná bí i do sheasamh ansin ag cabaireacht leat féin mar sin,” arsa Filimín Failimín agus d’fhéach anuas uirthi den chéad uair, “ach inis dom d’ainm agus do ghnó.” “Eilís is ainm dom, ach—” “Ainm sách amaideach é!” arsa Filimín Failimín ag teacht roimpi go mífhoighneach. “Cad is brí leis?” “An gá d’ainm brí a bheith leis?” arsa Eilís go hamhrasach. “Is gá ar ndóigh,” a dúirt Filimín Failimín agus rinne sé gáire beag. “Is éard is brí le m’ainmse an cruth atá orm, agus cruth maith dathúil atá ann freisin. D’fhéadfása cruth de chineál ar bith nach mór a bheith agat, agus an t-ainm sin ort.”