Cois Life

Bunaíodh an comhlacht foilsitheoireachta Cois Life i 1995 chun saothair liteartha agus taighde a chur ar fáil i nGaeilge. Foilsítear leabhair Ghaeilge d’fhoghlaimeoirí, do dhaoine óga, drámaí léirithe, ficsean agus filíocht. Foilsítear monagraif acadúla freisin, sa tsraith Lúb ar Phár.

Faigheann Cois Life cúnamh ón gComhairle Ealaíon, agus ó Bhord na Leabhar Gaeilge. Tá an comhlacht cláraithe le CLÉ - Cumann Leabharfhoilsitheoirí Éireann.

Dáileoirí: Áis, 31 Sráid na bhFíníní, Baile Átha Cliath 2. (+353 01 219 0223)

Ríomhphost: eolas@coislife.ie
Fón/Fax: +353 01 219 0223

Seoladh cláraithe:
Cois Life Teoranta
62 Páirc na Rós
Ascaill na Cille
Dún Laoghaire
Co. Bhaile Átha Cliath
Éire

Books published by Cois Life:
Dún an Airgid
Éilís Ní Dhuibhne

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí na Nollag 2009

‘Is aoibhinn an áit é Dún an Airgid - baile nua foirfe agus daoine deasa lonnaithe ann. Útóipe nua-aoiseach. Ach lá amháin téann an leabharlannaí Laoise Ní Bhroin ar iarraidh. An bhfuil dúnmharfóir srathach i gceist? Céard a bhí faoi cheilt ag Laoise? Tugann Éilís Ní Dhuibhne léargas grinn dúinn ar shaol na healaíne agus an rachmais, saol atá lán den chaimiléireacht agus den mhí-ionracas.’

Cúpla Focal
Anna Heussaff

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí na Bealtaine 2010

Úrscéal grá agus suirí i stíl éadrom spórtúil ó údar cáiliúil Bás Tobann. Imeachtaí aon tráthnóna amháin, ach ansin is iomaí insint ar eachtraí an aon lae. Oiriúnach d’fhoghlaimeoirí fásta agus mar scíthléitheoireacht.

Ar Muir is ar Sliabh
Dermot Somers

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí an Mheithimh 2010

Is láithreoirí teilifíse iad Brian agus Lise, iad sna fichidí, aclaí agus dathúil. Tá neart dúshlán i ndán dóibh agus iad páirteach i sraith nua eachtraíochta atá á scannánú amuigh faoin aer. Tá na tréithe agus na buanna acu, áfach, a bheidh ag teastáil le dul i ngleic leis na fadhbanna go léir a thiocfaidh chun cinn agus lucht féachana a mhealladh.

Tá Brian ar a shuaimhneas ar tír nó san aer, ach is fearr le Lise bheith ar an uisce. Cuireann an tsraith faoi bhrú iad beirt agus tá an stiúrthóir Marcas ar a dhícheall ag iarraidh smacht a fháil ar chúrsaí.

Sceon na Mara
Liam Ó Muirthile

[ClubLeabhar.com - Leabhar mhí na Nollag 2010]: [http://www.clubleabhar.com/Leabhar.aspx?id=12&Lang=ga]

Scéal bleachtaireachta é Sceon na Mara a bhaineann go dlúth leis an bhfarraige ar an gcósta thoir, agus a thugann léargas ar stráice comhaimseartha de shaol na hÉireann. Tá dúnmharfóir ban amuigh ansin, é ag baint sásaimh as craos cortha a shamhlaíochta féin. Nó an bhfuil sé inár measc féin? Tá an pobal Filipíneach go háirithe, scanraithe. Jack Hennessy agus a mheitheal a chaitheann dul sa tóir air. Fear stuama, righin é Hennessy. Agus mar is dual don iar-iománaí contae seo as Cill Chainnigh, tá an diongbháilteacht go smior ann.

Favela
Alex Hijmans

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí Eanáir 2011

Cónaíonn Alex Hijmans i mbruachbhaile bocht, contúirteach sa Bhrasaíl. An t-aon duine den chine geal i gceantar plódaithe, ina bhfuil sliocht na nAfracach a tógadh chun na Brasaíle mar sclábhaithe ag streachailt leis an saol go laethúil, tá Alex ag iarraidh teacht ar rún mhuintir na háite: conas a éiríonn leo saol sona a chaitheamh in áit atá beo bocht?

Niall Tóibín ag léamh gearrscéalta le Seán Mac Mathúna / Úlla
Seán Mac Mathúna

ClubLeabhar.com - Saothair mhí Aibreáin 2011

Is féidir saothair mhí Aibreáin ar ClubLeabhar.com a cheannach le chéile ar phraghas speisialta anseo.

Filíocht Ghrá na Gaeilge

Filíocht Ghrá na Gaeilge