Dermot Somers

Rugadh Dermot Somers i Ros Comáin i 1947. Scríbhneoir, craoltóir agus sléibhteoir aitheanta is ea é. Tá scata turas déanta aige ar chríocha dúshlánacha an domhain, go háirithe sna Himiléithe, sa Sahára, agus sna hAlpa.

D’fhoilsigh Cois Life a shaothair Rince ar na Ballaí (2002) agus Buaic (2006), leabhar a bhain ionad amach ar ghearrliosta Ghradam Réics Carlo (2007) agus ar ghearrliosta Reading Association of Ireland Children’s Book Awards (2007).

Leabhair le Dermot Somers:
Ar Muir is ar Sliabh
Dermot Somers

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí an Mheithimh 2010

Is láithreoirí teilifíse iad Brian agus Lise, iad sna fichidí, aclaí agus dathúil. Tá neart dúshlán i ndán dóibh agus iad páirteach i sraith nua eachtraíochta atá á scannánú amuigh faoin aer. Tá na tréithe agus na buanna acu, áfach, a bheidh ag teastáil le dul i ngleic leis na fadhbanna go léir a thiocfaidh chun cinn agus lucht féachana a mhealladh.

Tá Brian ar a shuaimhneas ar tír nó san aer, ach is fearr le Lise bheith ar an uisce. Cuireann an tsraith faoi bhrú iad beirt agus tá an stiúrthóir Marcas ar a dhícheall ag iarraidh smacht a fháil ar chúrsaí.