Antain Mac Lochlainn

Rugadh Antain Mac Lochlainn i gCúil Raithin, Contae Dhoire i 1965. Tá BA agus PhD sa Léann Éireannach aige ó Ollscoil Uladh ar an mbaile sin. Tréimhsí caite aige le Foinse, Bord na Gaeilge agus RTÉ. Tá sé anois ina Phríomhtheagascóir san Ard-Dioplóma san Aistriúchán, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. D’fhoilsigh Cois Life treoirleabhar leis faoi cheird an aistriúcháin, Cuir Gaeilge Air (2000).

Tá duaiseanna agus sparánachtaí bainte ag a shaothar fiscin ón gComhairle Ealaíon, Seachtain na Scríbhneoirí, Oireachtas na Gaeilge, Comórtas Gearrscéalta Francis McManus RTÉ. Bhí a chéad úrscéal, Ruball an Éin (Cló Iar-Chonnachta, 2005), gearrliostaithe do Dhuaiseanna Glen-Dimplex 2006. Foilsíodh Malairt Scéil, Nuascéalaíocht ó Albain i 2006 (Cois Life).

Leabhair le Antain Mac Lochlainn:
Malairt Scéil
Antain Mac Lochlainn
ClubLeabhar.com - Earrach 2015
Alex Hijmans, Liam Mac Cóil, Seosamh Mac Grianna, Antain Mac Lochlainn, C.S. Lewis, Joe Steve Ó Neachtain, Seán Ó Ríordáin

Ceannaigh na sé leabhar atá i sraith an earraigh 2015 de ClubLeabhar.com le chéile anseo agus gheobhaidh tú lascaine 10%.