Maidhc Dainín Ó Sé

Scríbhneoir comhaimseartha Gaeilge ó Chiarraí is ea é Maidhc Dainín Ó Sé. Saolaíodh i gCarrachán sa bhliain 1942 é. Chaith sé blianta fada ag obair i Sasana agus sna Stáit Aontaithe, ach d’fhill sé go hÉirinn sa bhliain 1969 mar gur theastaigh uaidh féin agus óna bhean chéile a bpáistí a thógáil in Éirinn. Tá idir úrscéalta agus gearrscéalta scríofa aige.

Tá clú agus cáil ar Mhaidhc Dainín mar cheoltóir freisin. Is é an bosca ceoil an uirlis cheoil is rogha leis.

Leabhair le Maidhc Dainín Ó Sé:
A Thig Ná Tit Orm
Maidhc Dainín Ó Sé

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí Feabhra 2011

Is leabhar éadrom spraíúil é A Thig Ná Tit Orm, dírbheathaisnéis an cheoltóra Maidhc Dainín Ó Sé, atá lán scéalta a shaoil, go háirithe scéalta ó na caogaidí agus na seascaidí. Tugann an saothar léargas dúinn ar a shaol féin agus ar an saol i gcoitinne ag an am. Mar aon le go leor daoine eile, chuaigh Maidhc ar imirce – go dtí Londan ar dtús, áit a raibh sé ag obair ar feadh bliana, agus i ndiaidh sin go Chicago, áit ar fhan sé ar feadh deich mbliana. Phós sé a bhean chéile Caitlín in Chicago agus rugadh beirt pháistí dá gcuid ansin. Theastaigh uatha a bpáistí a thógáil in Éirinn, áfach. D’fhill siad ar Éirinn i 1969, agus chuir siad fúthu i gCarrachán. Dar le Maidhc, ba é sin an cinneadh is fearr dá shaol.

Tá an dírbheathaisnéis A Thig Ná Tit Orm ar shiollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta.