Fóraim » Leabhar mhí Eanáir 2013 - Gonta » Léigí an leabhar seo !!!

Léigí an leabhar seo !!!

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Léigí an leabhar seo !!!
Lucy an Léitheoir
12/05/2013 20:49:00

Táim direach tar éis Gonta a críochnú agus bhain mé an-taitneamh as. Bhíos chun teideal a chur ar an bpíosa seo “Gonta - an Leabhar is Fearr i 2012?” ach bheartaigh gan é a dhéanamh. É sin ráite, is dóigh liom gur bhfuil Alex Hijmans ar cheann do na cúig húdar is fearr atá ag scriobh urscéalta agus gearrscéalta Gaeilge i láthair na huaire.

Cen fáth ? Nuair a léigh me an leabhar ar dtús, níor léigh mé an giota a bhí scriofa ar chúl an leabhair, maidir le miniú theideal an leabhair, Gonta. Mar sin, níor thuigeas gur cneácha a bhí i gceist aige, cheap mé gur tagairt don stíl lom atá aige a bhí i gceist aige. Agus taitníonn an stíl lom gonta sin liom, níl focal sa bhreis nach bhfuil ag teastáil. Insíonn sé an scéal agus ansin tá deireadh leis an scéal agus sin sin.

Rud eile a thaitníonn liom ná an daonnacht agus an meas a léiríonn sé maidir leis na gcarachtair atá sna scéalta. Ní bhíonn sé riamh ag caitheamh anuas orthu agus ní léiríonn sé easpa measa dóibh. Is cinnte nach daoine maithe iad go léir, ach fad is atá sé ag déan cur síos ar a gcuid saolta agus a gcuid gníomhartha, ag an am ceanna, tá cur síos ann maidir leis an sochaí ina bhfuil siad ag maireachtáil agus mar sin tuigeann muid, mar a deireann sé ar chúl an leabhair, na gonta croí, gonta anama agus gonta coirp a spreagann gníomhartha díoltais agus dochais.

Tá meascán de scéalta ann. An ceann is fearr liom agus an chéad cheann a léigh mé ná Fanann a ndeirtear sa jíp sa jíp. Scéal faoin ngrá eagmaiseach, fear amháin darbh ainm Andriano i grá le fear eile darbh ainm Wanderson , nach bhfuil i ngrá leis, ach a bhfuil grá aige d’Andriano. Cur síos iontach iongair fíneálta nuair a dheanann Wanderson teahmháil fisiceach le Andriano , baineann an t-údar geit asainn nuair a luann sé an foréigean agus an chamastáil.

Molaim an leabhar seo agus an dá leabhar eile, Favela agus Aiseirí, atá scriofa ag Alex. Mar fhoghlaimeóir sioraí den Ghaeilge, bhéinn breá sásta dá mbainfinn amach, sa deireadh, an caighdeán Gaeilge atá bainte amach aige. Agus mar focal scor, molaim an trí leabhar mar eiseamláirí ó thaobh cruinneas de. Ní saineolaí mé ar chor ar bith, táim cinnte go bhfuil botúin sa phíosa seo ach is breá liom nach raibh botúin gramadaí ná Gaeilge ciotach le feiscint sna scéalta, rud nach bhfuil fíor i dtaobh gach leabhar Gaeilge a foilsítear na laethanta seo.