Príomhcharachtar an scéil

Messages

Author Message
Príomhcharachtar an scéil
ClubLeabhar.com
22/09/2018 14:39:09

An bhfuair tú léargas soiléir ar Róisín mar phríomhcharachtar an scéil?

RE: Príomhcharachtar an scéil
Jim McGovern
29/10/2018 11:02:40

Fuair mé léargas cuibheasach soiléir ar Róisín mar phríomhcharachtar. Freisin, ba soiléir é nach raibh sé éasca dá cairde aithne mhaith a bheith acu uirthi. Duine príobháideach ab ea í. Ba suntasach é an sliocht (ar bhun leathanach 53) “Cheil Róisín an tocht a mhuscail focail Cholmáin inti agus d’fhág sí slán lena cara [Colmán] ar bhealach gealgháireach”. Le linn tréimhse an úrscéil, rinne Róisín dul chun cinn ollmhór ag déileáil leis an t-atmisféar teann inar thógadh í agus na faidhbanna leanúnacha dá muintir de bharr gníomhartha a athair.