Saothair Roald Dahl

Messages

Author Message
Saothair Roald Dahl
ClubLeabhar.com
30/10/2018 11:16:19

Cén fáth, dar leat, a bhfuil an oiread sin tóra ar shaothair Roald Dahl?

RE: Saothair Roald Dahl
JimMcGov
30/11/2018 15:47:04

Scéalaí den scoth ab ea Roald Dahl. Bhí an-thuiscint aige ar pháistí agus ar na rudaí a bhíodh suimiúil dóibh. Chuir sé léaráidí ina chuid leabhair do pháistí. Go háirithe, d’obair Roald Dahl go maith leis an maisitheoir leabhar Quentin Blake, a bhí in ann a lán cumarsáid a dhéanamh le líníocht simplí. Chuir na leabhair agus na léaráidí ionadh agus áthas ar a lán páistí agus ar a lán tuismitheoirí a bhí ag caitheamh aimsire fiúntaí leo. Ní raibh na scéalta ró cheart-polaitiúil. Mar shampla, ní raibh rud ar bith le rá ag máthair na moncaithe óga. Bhí na scéalta de Roald Dahl in ann scanradh a chuir ar páistí, ach bhí loighic tréan éigin iontu ab fhéidir le páistí taitneamh a bhaint as. Thug na scéalta go léir spreagadh do páistí a bheith misniúil, glic, truachroíoch agus le sult a bhaint as an saol.