Meursault

Messages

Author Message
Meursault
ClubLeabhar.com
29/11/2018 16:28:57

Céard a shíl de Meursault mar príomhcharachtair an scéil?

RE: Meursault
JimMcGov
03/01/2019 11:51:15

Sílim gur chruthaigh Albert Camus príomhcharachtar an-tábhachtach don litríocht i Meursault. Duine strainséartha is ea Meursault, go cinnte. Saghas eisígh atá ann, fiú amháin mura raibh an téarma ‘eiseachas’ ina fhoclóirín féin. De ghnáth, ligeadh sé leis an tseansúlacht a shaol a stiúradh. Nuair a fhoilsíodh L’étranger in 1942, ní raibh ainm ar bith ar an tSiondróm Asperger ach, i mo thuairimse, b’fhéidir go raibh gnéithe den tsiondróm ar an gcarachtar Meursault. Fear ionraic, saonta (naïve) a bhí ann. Bhí sé in ann a mhothúcháin a chuir i bhfocail go soiléir ina cheann féin, ach níor bhain sé mórán úsáid astu le cinntí a dhéanamh, fiú amháin chun é féin a sheachaint ó dhainséir ghnácha a shaol laethúil. Ba dhua dó a mhothúcháin a chuir in iúl de dhaoine eile freisin agus ní raibh mórán ionbhá aige ach an oiread.