Níor thaitin an clúdach liom ar an chéad amharc. Dathanna dúra leamha. Níor thaitin sé liom an dóigh ar sheas an t-iriseoir féin amach as measc an slua thart air. Tháinig díomá orm go tobann nuair a thóg mé an leabhar amach as an chlúdach litreach.
Ach, más féidir liom nath cainte a ghoid ón Bhéarla, níor chóir dúinn breithiúnas a thabhairt ar leabhar de dheasca a chlúdaigh. Tá mé ar chaibidil 3 agus tá mé ag baint sult agus tairbhe as.
|