Thaitin an clúdach úr liom. Leanann sé stíl an chéad leabhar den tsraith, “An tIriseoir”. Ar chúl an leabhair, i dtriantán dearg, tá sé scríofa go bhfuil closleabhar ar fáil saor in aisce ar líne. Bíonn sé níos dóichí i gcónaí go gceannóinn leabhar i nGaeilge má tá closleabhar de ar fáil saor in aisce. Bhí mé sásta leis an gcoimriú gearr ar chúl an leabhair freisin.
|