Fuair mé léargas maith ar Tintin sa leabhar. Fear óg cliste agus misniúil atá ann. Tá cairdeas an-mhaith idir é féin agus a mhadra, Báinín. Tá a lán fuinneamh ann agus tá sé an-fhoighneach agus cineálta le daoine eile, fiú nuair atá siad mí-réasúnta. Ní chaileann Tintin dóchas riamh. Is féidir leis a bheith seiftiúil go leor nuair is gá agus é ar fheabhas ag smaoineamh go tapaidh ar an láthair. Bhí an bhréag gan díobháil “bhain madra mire plaic asam” éifeachtach nuair a bhí gá ar Tintin fáil réidh go sciobtha le duine mí-bhéasach ón tacsaí sa scéal. Níl fear óg níos fearr sa saol chun duine no daoine ar bith a tharrtháil ó dainséar. Níor nochtadh ach ag deireadh an scéil seo go raibh Tintin ina thuairisceoir mar phroifisiúin. Ní fheadair aon duine cad a tharlódh i leabhar eachtraí Tintin: ar feadh tamaillín sa scéal seo bhí sé caochta, ach mar thimpiste go cinnte!
|