Aistriúchán

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Aistriúchán
ClubLeabhar.com
28/03/2019 16:25:38

Ar thaitin an t-aistriúchán libh?

RE: Aistriúchán
GMac
28/04/2019 08:14:29

Taitníonn an t-aistriúchán go mór liom. Tá stór focal an aistritheora nádúrtha, saibhir agus lán le frásaí glé domsa, (eg: cearchaill beodhearga/ déithe guagacha/ cíocras fola srl...)

Bhí meirg ar mo chuid Gaeilge sular chuir mé tús leis an leabhar seo, ach de réir a chéile (agus le míle buíochas do foclóir.ie) tá sí ag dul chun feabhas arís. Tá go leor ama de dhíth domsa chun ciall iomlán an scéil a thuiscint ach táim ag baint taitneamh as.

RE: Aistriúchán
JimMcGov
02/05/2019 09:58:40

Thaitin an t-aistriúchán liom, mar bhí an Ghaeilge an-mhaith agus chruinn. Bhí orm a lán úsáid a bhaint as an bhfoclóir, ach is mar sin a fhoghlaimím. Bhí an ghluais téarmaí Íogbóiseacha ag deireadh an leabhair úsáideach freisin.