Fóraim » Plé ginearálta » Dráma Nua Gaeilge ar siúl sa Phéacóg 13-18 Nollaig 2010

Dráma Nua Gaeilge ar siúl sa Phéacóg 13-18 Nollaig 2010

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Dráma Nua Gaeilge ar siúl sa Phéacóg 13-18 Nollaig 2010
Lucy an Léitheoir
14/12/2010 16:50:07

A Chairde,

Thug mé faoi deara i nGaelScéal na seachtaine seo chaite go mbeidh dráma nua Gaeilge ar siúl sa Phéacóg ón 13 go dtí 18 Nollaig 2010.

Deirtear sam alt gurb é an chéad dráma Gaeilge nua-scriofa comhaimseartha é a cuireadh ar stáitse le 15 bliain anuas. Is é Aodh ó Domhnaill údar an dráma.

Molaim daoibh tacaíocht a thabhairt don dráma seo más féidir.

RE: Dráma Nua Gaeilge ar siúl sa Phéacóg 13-18 Nollaig 2010
Lucy an Léitheoir
15/12/2010 20:14:56

Gabh mo leithscéal, rinne mé dearmad ainm an dráma a lua. Is é ainm an dráma ná “Idir an dá Shúil”.