Thug na scéalta sa chnuasach seo cur amach níos fearr dom go cinnte ar imeachtaí na tréimhse sin. Níl raibh mórán gáire ann agus sílim gurbh é sin, b’fhéidir, an chiall a bhaint as teideal an leabhair: bhí an gáire beagnach marbh, nó díothaithe, sna scéalta go léir. Sna laethanta atá inniu ann tá a lán daoine ar gach taobh sna ceantair sin atá gortaithe agus, uaireanta, searbh. Sílim go bhfuil géarghá ann faoi láthair le comhrá agus caidreamh daona eatarthu chun an gháire nádúrtha a saolaíonn le gach leanbh nua a scaoileadh saor sa tsochaí iomlán.
|