Fothéamaí an scéil

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Fothéamaí an scéil
ClubLeabhar.com
07/06/2019 14:24:54

Ar thug tú aon suntas d’fhothéamaí an scéil seo? An dtagann siad le scéal Emily cuir i gcás?

RE: Fothéamaí an scéil
JimMcGov
25/07/2019 20:20:52

Bhí roinnt fothéamaí ann, mar shampla an ceann idir Olivia, príomhchara le Emily, agus Guillaume, buachaill a bhuail Oliva leis sa Fhrainc, agus an ceann faoin gcoibhneas idir príomhoide Caoimhín i gColáiste Chormaic agus cúntóir ann, Dairíne. Shíl mé gur chuir na fothéamaí uile go mór leis an scéal agus go raibh siad fite fuaite go maith ann.