Príomhcharachtar an scéil

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Príomhcharachtar an scéil
ClubLeabhar.com
07/06/2019 14:27:06

Céard a shíl tú d’Emily féin, mar phríomhcharachtar an scéil?

RE: Príomhcharachtar an scéil
JimMcGov
25/07/2019 20:27:21

Déagóir bríomhar a bhí inti. Bhí sí ceanndána, mar atá coitianta ag an aois sin, agus bhí sí ag fás-suas go tapaidh sa seal sin dá saol. Bhí díríocht aici a bhi rud beag thar fóir, ach go deas ag a haois. Bhí fuinneamh agus fiosracht aici agus athléimneacht iontach. Mar fear mé féin, níl mé ró chinnte gur féidir le húdar fireann léiriú cruinn a dhéanamh ar intinn cailín, ach bhí an léiriú craicneach domsa agus thug an scéal dearcadh spéisiúil dom ar déagóirí baineann nach raibh agam fadó nuair a bhí mé féin i mo dhéagóir. Thug mé faoi deara ón mbuíochas ag tús an leabhair gur fuair an t-údar aischothú maith ó daoine éagsúla, mná san áireamh.