Thaitin stíl scríbhneoireachta an údair, Réaltán Ní Leannáin, liom. Scríbhneoireacht chumhachtach atá sa leabhar i mo thuairim. Tá a lán ábhar machnaimh ann. Is cuid den saol iad go léir na coimhlintí éagsúla idirphearsanta, idirnáisiúnta agus i gcroílár an tsochaí agus mothaím nach bhfuil an dara rogha againn ach ár ndícheall a dhéanamh agus leanúint ar aghaidh. Sin mar a rinne Cití sa scéal. Chuaigh an taighde, déanta roimh ré ag an údar don leabhar, i bhfeidhm orm freisin. Bhí foclóir mór éagsúil sa scéal agus, mar sin, ba chabhair domsa é chun mo chuid Gaeilge a fheabhsú.
|