Leagan amach an scéil

Messages

Author Message
Leagan amach an scéil
ClubLeabhar.com
08/10/2019 13:49:01

Ar thaitin luas agus ord an scéil leat?

RE: Leagan amach an scéil
caitnimhurchu
04/11/2019 09:20:54

Thosaigh mé an leabhar seo an seachtain seo caite agus tá mé an baint an-sult as go dtí seo. Bogann an scéal go sciobtha i mo thuairim. Bhí mé ag léamh caibidil 5 aréir agus tharla a lán eachtraí tábhachtach in achar réasúnta gearr.

RE: Leagan amach an scéil
Smokestack Slattery
11/11/2019 13:34:47

Tá luas maith ag an scéal agus bogann sé ó Éirinn go dtí an Róimh agus go hAlbain agus ar ais arís. Ardaíonn an scéalaíocht sceitimíní sa léithroir go minic. Thaitin na giotaí a thagair siar go aimsir Choilm Cille ach go háirithe. Ag súil le dul siar agus Rún an Bhonnáin a léamh anois.

RE: Leagan amach an scéil
JimMcGov
12/12/2019 17:27:38

San iomlán, thaithin luas agus ord an scéil liom, ach thóg sé roinnt ama sar a raibh taithí agam ar cad é a bhí ar bun ag an údar leis an scéal.