Author | new message » Message |
Reply » Dublin Book Festival 2-6 Márta 2010 | |
Lucy an Léitheoir
13/01/2011 15:17:25 |
A Chairde, Bhí sé fógraithe le déanaí go mbeidh an Dublin Book Festival 2011 ar siúl ón 2ú go dtí 6ú Márta 2011. Beidh sé ar siúl i Halla Cathrach Bhaile Átha Cliath, Sráid an Dáma. Ní fógrófar an clár go dtí 24 Feabhra, ach táim ar siúl go mbeadh neart imeachtaí i nGaeilge i measc na n-imeachtaí go léir, toisc an neart imeachtaí i nGaeilge a bhí ar siúl an bhliain seo chaite agus toisc go bhfuil urraíocht faighte aici ó Fhoras na Gaeilge |
Reply » RE: Dublin Book Festival 2-6 Márta 2010 | |
Lucy an Léitheoir
13/01/2011 15:18:16 |
Ba chóir dom 2011 a scriobh !!! |
Reply » RE: Dublin Book Festival 2-6 Márta 2010 | |
Danú
03/02/2011 12:15:16 |
Cloisim go mbeidh agallamh poiblí á chur ag Cathal Póirtéir ar Alex Hijmans (údar ‘Favela’, ar ndóigh, mar aon lena úrscéal nua, ‘Aiséirí’) iarnóin Dé Sathairn 5 Márta ag 3.00 i Halla na Cathrach. Beidh ócáid Ghaeilge eile ar siúl @ 5.00 Dé Domhnaigh 6 Márta, a mbeidh Anna Heussaff agus beirt scríbhneoirí eile páirteach inti. |
Reply » RE: Dublin Book Festival 2-6 Márta 2010 | |
Lucy an Léitheoir
05/02/2011 13:18:28 |
Is íontach é sin a chloisint. Léigh mé Favela, nuair a tháinig sé ar amach agus bhain mé an-taitneamh as. Thaitníonn a chuid gaeilge liom, níl focail ro-dheacra á úsáid aige ach tá a chuid ghaeilge deas nadúrtha, agus leis sin, tá scéal suimiúil le hinsint aige sa leabhar. Taim ag tnúth leis an cheann nua leis, Aiséirí a léamh amach anseo. |
Reply » RE: Dublin Book Festival 2-6 Márta 2010 | |
ClubLeabhar.com
08/02/2011 13:22:45 |
A chairde, Ag súil go mór leis an dá ócáid sin! Go raibh maith agaibh as muid a chur ar an eolas. Michelle |
Reply » RE: Dublin Book Festival 2-6 Márta 2010 | |
Clare
02/03/2011 12:52:11 |
An bhfuil sé i gceist ag éinne dul chuig an ócáid le hAlex Hijmans? Tá mé ag tnúth go mór leis. Tá Cathal Poirtéir ar fheabhas mar agallóir. |