Forums » November's Book of the Month - Fonn a Níos Fiach » Spriocmhargadh an leabhair seo

Spriocmhargadh an leabhair seo

Messages

Author Message
Spriocmhargadh an leabhair seo
ClubLeabhar.com
05/11/2019 13:37:31

Cé air nó uirthi a mbeadh an leabhar seo dírithe?

RE: Spriocmhargadh an leabhair seo
JimMcGov
19/01/2020 22:11:11

Is dóigh liom go bhfuil an eagrán reatha den leabhar seo dírithe ar dhaoine a bhfuil cumas láidir Gaeilge acu, a bhfuil suim acu i stair tréimhse an Ghorta Mhóir agus ar mhaith leo úrscéal eipiciúil liteartha a léamh a bhaineann le gnáth bpobal cúige Mumhan le linn na tréimhse úafásaí sin. Eiseamláir mhaith atá ann d’úrscéal stairiúil Gaeilge scríofa ag deireadh an fhichiú haois agus ar úrscéal atá bunaithe ar an mbéaloideas. Bhí sé dúshlánach domsa an leabhar a léamh, ach táim sásta é a bheith léite agam. Mar sin, sílim gur leabhar maith é do dhaoine a bhfuil fonn orthu a gcuid eolais ar theanga agus oidhreacht na hÉireann a dhoimhniú. Rud eile de, dá mbéadh ceist í d’intinn agat ‘cad is seilg í sa nádúr?’ nó fiú ‘cad is brí le meas a bheith ag duine ar dhúil bheó? ' mholfainn an leabhar seo duit.