Fóraim » Leabhar mhí Feabhra - Cur i gCéill » Cass agus na carachtair eile

Cass agus na carachtair eile

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Cass agus na carachtair eile
ClubLeabhar.com
08/01/2020 16:18:47

Céard a shíl tú de Cass? Ar thug tú suntas ar bith don chaidreamh a bhí aici le carachtair thánaisteacha an scéil?

RE: Cass agus na carachtair eile
JimMcGov
02/06/2020 22:27:27

Bean mhisniúil agus cineálta a bhí i Cass. Bhí uirthi cruth nua a chuir ar a saol ar lorg bás tobann a fear céile agus an chlann tógtha acu. Tháinig beirt fear óna saol roimh a pósadh ar ais sa phictiúir agus ba dhúshlán é sin freisin di. Rinne Cass dul chun cinn suntasach ina saol sa scéal. Ar a bealach, d’éirigh léi ar a laghad aon saol amháin a shábháil, aire agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine eile agus a cúrsa proifisiúnta a fhorbairt. Faoi dheireadh an scéil ba soiléir (don léitheoir) nach raibh a caidreamh le ceann acu den bheirt fear sásúil di.