Cnámh

Messages

Author Message
Cnámh
rdarcy
24/07/2020 21:38:49

Ní tharlíonn alán sna scéalta seo, ach an méid a tharlíonn tá sé an spéisiúl! Rinne léirmheastóir i Comhar tagairt dá canúint as Tír Conaill mar shampla ‘bál’ in ionad ‘liathróid’ - maith go leor an fhaid is ná deintear dearmad ar an míniú i Mumhain (féach Dineen); ach ‘inteacht’ seachas ‘éigin’? - níl fhios agam, nó ‘achan’ seachas ‘gach’ ? tá Gaeilge an fhada agus is fearr focail aonghiota. Tá na canúna caighdeánaithe anois - fág mar atá sé, gan an leithscéal gur ceithre teangacha atá ann agus mar sin is deacair é d’fhoghlaim. Agus níl úsáid ar bith le ‘déanamh réidh’ - cad mar gheall ar ‘ullmhú’? Ach is scriobhnóir scothúil é Mac Giolla Bhríde. Ceithre réalta as cúig.