19 teachtaireacht
Curtha i bhfóram an leabhair seo.
1208 teachtaireacht
Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.
Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.
Gaiscíoch mór le rá is ea Okonkwo, agus a cháil in airde ar na fir is cumhachtaí agus is saibhre ina threabhchas. Is duine ceanndána é, afách, agus is minic a theipeann air srian a chur leis a fhearg. Íocann sé féin agus a mhuintir go daor as sin. Nuair a bhagraíonn teacht ar fhir ghil ar thraidisúin an treabhcháis, Gníomhaíonn Okonkwo as a stuaim féin. Toradh tragóideach atá i ndán dó, afách.
Tá an t-úrscéal seo aitheanta ar chlasaicí litríocht an domhan ó foilsíodh i 1958 é. Tá sé aistrithe chuig breis is leathchéad teangacha, agus breis is deich milliún cóip de díolta. Agus é ag cur síos go grinn báúil ar chinniúint an duine ar fad i saol ár linne.
Tá ‘Titeann Rudaí as a Chéile’ aistrithe go cumasach anseo ag Irene Duffy Lynch. Tá an saibhreas céanna le brath a bhrí ar a haistriúchán ar úrscéal John McGahern ‘Idir Mhná’ agus tarraingíonn sí ar na blianta a chaith sí féin ina cónaí sa Nigéir. Cuireann a réamhrá an t-úrscéal i láthair, agus tá léargas breise ar an údar le fáil in agallamh a chur sí féin ar Achebe. Cuidíonn gluais leis an léitheoir blaiseadh de chultúr na nÍogbóch atá de dhlúth agus