Leabhar mhí Feabhra 2020

Is é ‘Cuir i gCéill’, an leabhar corraitheach le Celia de Fréine, atá mar leabhar mhí Feabhra ar Clubleabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

18 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Cur i gCéill
Cur i gCéill
Foilsitheoir: Comhar

Is síceolaí í Cass Ó Caoimh a bhogann go Conamara nuair a fhágtar ina baintreach í. Mar aon leis an bpostroinnt atá aici san Ionad Leighis áitiúil, glacann sí le post páirtaimseartha i gCeannáras na nGardaí mar shíceolaí fóiréinseach. Nuair a bháitear Niamh, cara a hiníne, creideann Cass gur dúnmharaíodh an ógbhean ainneoin an mhéid a cheapann an Bleachtaire Cigire, Tom Breasal, a hiarleannán. Le cúnamh ón iriseoir Gearóid, mac Tom, agus ó dhaoine a gcuireann sí aithne orthu, déanann sí bás Niamh a fhiosrú agus tugann scéal scáfar chun solais. San am atá díreach thart atá an coirscéinséir eachtrúil seo suite.