Leabhar mhí Mheán Fómhair 2021

Leagan grafach de cheann de na leabhair Ghaeilge is cáiliúla a scríobhadh riamh atá mar leabhar mhí Mheán Fómhair ar Clubleabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

10 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

An Béal Bocht (Leagan Grafach)
An Béal Bocht (Leagan Grafach)

Oiriúnach do Mheánrang 1/B1 nó níos airde
Suitable for Lower Intermediate/B1 or higher
ISBN 9781899922871
Foilsitheoir: Cló Mhaigh Eo

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2012

Is dócha go bhfuil an saothar seo ar cheann de na leabhair Ghaeilge is cáiliúla a scríobhadh riamh. Tá eolas agus meas domhanda ar an úrscéal grinn seo agus is teist mhaith ar an leabhar é go bhfuil an-tóir air i gcónaí, bíodh is go bhfuil sé os cionn seachtó bliain ó foilsíodh ar dtús é.

Tá blas comhaimseartha fós ar an aoir aoibhinn ghreannmhar seo agus beocht úrnua anois ann sa leagan ealaíonta grafach seo ó Chló Mhaigh Eo.

Sliocht á léamh ag Louis de Paor