Leabhar mhí Mheán Fómhair 2013

Is é an t-úrscéal Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi le Lewis Carroll, aistrithe go Gaeilge ag Nicholas Williams, leabhar mhí Mheán Fómhair ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

3 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Lastall den Scáthán agus a bhFuair Éilís Ann Roimpi
Lastall den Scáthán agus a bhFuair Éilís Ann Roimpi
Nicholas Williams a d’aistrigh go Gaeilge
ISBN 1904808299
Foilsitheoir: Evertype

Scéal samhraidh atá in Alice’s Adventures in Wonderland le Lewis Carroll (Charles Lutwidge Dodgson), a foilsíodh den chéad uair i mí Iúil 1865. Nicholas Williams a thiontaigh an leabhar go Gaeilge agus foilsíodh an t-aistriúchán sin sa bhliain 2003 faoin teideal Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas. Is le paca cártaí a bhaineann roinnt mhaith de charachtair agus d’eachtraí an leabhair.

Scéal geimhridh atá le fáil sa leabhar seo, Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi, ar aistriúchán é a rinne Williams ar an dara saothar mar gheall ar Eilís a tháinig ó pheann Carroll, Through the Looking-Glass and What Alice Found There, a foilsíodh i mí na Nollag 1871. Ar chluiche fichille a bunaíodh formhór dá bhfuil sa dara scéal seo.

Seo blaiseadh de stíl an leabhair:

“Ná bí i do sheasamh ansin ag cabaireacht leat féin mar sin,” arsa Filimín Failimín agus d’fhéach anuas uirthi den chéad uair, “ach inis dom d’ainm agus do ghnó.”
“Eilís is ainm dom, ach—”
“Ainm sách amaideach é!” arsa Filimín Failimín ag teacht roimpi go mífhoighneach.
“Cad is brí leis?”
“An gá d’ainm brí a bheith leis?” arsa Eilís go hamhrasach.
“Is gá ar ndóigh,” a dúirt Filimín Failimín agus rinne sé gáire beag.


San fhíseán seo thís, tá Órla Ní Chuilleanáin le cloisteáil ag léamh sleachta ó Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi, a bhí mar leabhar na míosa ar ClubLeabhar.com i mí Mheán Fómhair 2013.