Comhar

www.iriscomhar.com

www.iriscomhar.com

Books published by Comhar:
Rún an Bhonnáin
Proinsias Mac a Bhaird

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí na Bealtaine 2011

Tá dúnmharfóir i mbun oibre! Ceoltóirí ar an sean-nós á marú aige! Gan de cheangal fánach eatarthu ach nasc aisteach le Cathal Buí Mac Giolla Ghunna, file agus údar ‘An Bonnán Buí’. Rún ársa a bhí ceilte leis na cianta is cúis le scrios agus ár inniu. An fada eile a choinneofar faoi cheilt é nó cé chomh fada is a rachaidh daoine áirithe le Rún an Bhonnáin a chosaint?

Seal sa Pholainn
Alan Desmond

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí an Mheithimh 2011

Sa bhliain 2003 thug Alan Desmond aghaidh ar an bPolainn chun Gaeilge a mhúineadh in Ollscoil Chaitliceach Lublin, in Oirthear na tíre sin. Conradh bliana a bhí aige agus is beag a shíl sé go bhfanfadh sé ceithre bliana ann.

An Ghaeilge i gCéin

Tá áit lárnach ag an imirce, an deoraíocht agus an filleadh, corruair, i litríocht na Gaeilge. Tá saothair scríofa ag go leor údar - Máirtín Ó Díreáin, Pádraic Ó Conaire agus Myles na gCopaleen ina measc - maidir le tábhacht na háite dúchais agus leis an gceangal idir féiniúlacht agus an áit dhúchais.


Is bailiúchán aistí é seo a thugann spléachadh ar shaol an chainteora Gaeilge i gcéin. Tá smaointe ann ar fhéiniúlacht na teanga i gcomhthéacs idirnáisiúnta agus an dearcadh úr atá ag an té nach bhfuil ag cur faoi in Éirinn. Tá ailt sa leabhar seo le mic léinn, le teagascóirí, le hiriseoirí agus le gníomhaithe teanga ina ndéantar machnamh ar thábhacht na Gaeilge agus ar an leas a bhaintear aisti i Nua-Eabhrac, cuir i gcás, Ceanada, an Bhrasaíl agus an Rúis. Is leabhar spéisiúil é seo a ina bhfiosraítear an nasc idir tír agus teanga agus na féidearthachtaí nua-aimseartha atá i ndán di.