Cló Iar-Chonnacht

Bunaíodh Cló Iar-Chonnachta (CIC) i 1985, agus ó shin i leith tá os cionn 150 albam ceoil curtha amach againn, agus suas le 300 leabhar. Táimid ar cheann de na comhlachtaí foilsitheoireachta is bisiúla sa tír, agus ar an chomhlacht phríobháideach foilsitheoireachta Gaeilge is mó, le cúigear fostaithe go lánaimseartha inár n-oifigí in Indreabhán, Conamara.

Is mar choimirceoir, mar phatrún agus mar chaomhnóir ar chultúr na Gaeilge agus na Gaeltachta a fheidhmíonn CIC. Tuigeann muid an mhórthábhacht a bhaineann le caomhnú an tsaibhris chultúir seo, agus is é an aidhm atá againn spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do cheoltóirí agus do scríbhneoirí agus ardán náisiúnta a thabhairt dá nguthanna.

Foilsíonn CIC réimse an-leathan litríochta; cnuasachtaí filíochta, gearrscéalta agus amhrán, úrscéalta, leabhair do dhéagóirí, leabhair do pháistí, tráchtais taighde agus leabhair staire. Tá roinnt leabhar Béarla foilsithe againn chomh maith, aistriúcháin a bhformhór ar mhórshaothair Ghaeilge. Tá roinnt mhaith de na saothair seo ar fáil ar dlúthdhiosca agus ar caiséad, cuid acu sa tsraith spreagúil An Béal Beo.

Ó thaobh ceoil de, ba é an príomhrún a bhí ag CIC nuair a bunaíodh é ná oirfidigh Chonamara (agus go háirithe na fonnadóirí sean-nóis) a thaifeadadh le go mbeadh teacht ar a saibhreas go forleathan agus go buan. Tá cúram ar leith fós á dhéanamh den chuspóir úd, ach tá ár réimse oibre leathnaithe amach go mór. I gcatalóg CIC inniu tá taifeadtaí sean-nóis ó gach cearn den tír, chomh maith le ceoltóirí aonair agus grúpaí traidisiúnta den scoth, ceol cajun, gaelcheol tíre agus ceol Chape Breton.

Tá dhá dhlúthdhiosca eisithe ag CIC ar a bhfuil teacht ar thogha agus rogha ár stór ceoil, Ceiliúradh, a foilsíodh i 1995 mar chuid d’ár gceiliúradh deich mbliana, agus Caise Ceoil, a foilsíodh i 2000. Foilsíodh togha na litríochta chomh maith mar chuid den cheiliúradh deich mbliana, agus tá fáil air sin sa leabhar Sláinte.

Is é an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile stiúrthóir CIC. Bhunaigh sé an comhlacht i 1985 nuair a bhí sé ina mhac léinn ollscoile in aois 23 bliain. Is scríbhneoir bisiúil, éirimiúil é a bhfuil stór na nduaiseanna liteartha atá buaite aige ag méadú in aghaidh an lae. Ainmníodh a úrscéal Sna Fir ar ghearrliosta Dhuais Liteartha The Irish Times 2001, bhronn an Foras Cultúir Ghael-Mheiriceánaigh Duais Liteartha an Bhuitléaraigh air, agus bhuaigh a ghearrscéal ‘Athair’ príomhdhuais litríochta Hennessy i 1997.

Is í Deirdre Ní Thuathail an Bainisteoir Ginearálta, Lisa Mc Donagh an Bainisteoir Díolacháin, Lochlainn Ó Tuairisg an tEagarthóir Litríochta agus Aodh Ó Gallchóir an tEagarthóir Cúnta.

Cló Iar-Chonnachta
Indreabhán,
Conamara,
Co. na Gaillimhe

fón + 353 91 593 307
facs + 353 91 593 362

www.cic.ie

Books published by Cló Iar-Chonnacht:
Dúnmharú ar an Dart
Ruaidhrí Ó Báille

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí an Mhárta 2010

Nuair a théann Niall Ó Briain, múinteoir, ar an Dart lá, ar a bhealach chun na scoile, i ngan fhios dó féin tá sé ag cur tús le turas timpeall na hEorpa atá le cor a chur ina shaol. Ní turasóireacht atá i gceist, áfach; ach na cosa a thabhairt leis.

Sobalsaol
Pádraig Standún

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí Eanáir/Feabhra 2010

Tá pósadh Mhártain Mhic Cormaic tite as a chéile, tá éiginnteacht ann maidir lena phost agus ní athair rómhaith é dá mhac. Is geall le sobal a shaol...

Pádraic Ó Conaire – Rogha Scéalta
Pádraic Ó Conaire

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí Aibreáin 2010

Scéal agus fiche le Sean-Phádraic, cuid acu as cló le fada, mar aon le réamhrá ó Dhiarmuid de Faoite.

Ó Chósta go Cósta
Frank Reidy

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí na Samhna 2010

Leabhar taistil, leabhar staire, leabhar eolais, leabhar polaitíochta – leabhar nach mór do dhuine ar bith a bhfuil spéis aige san Afraic sa lá atá inniu ann é a bheith ina sheilbh.

Buille Marfach
Anna Heussaff

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí an Mhárta 2011

Dúnmharú agus mistéir - úrscéal nua ó údar móréilimh

Bean sínte ar bhóithrín uaigneach istoíche. Ar leithinis aoibhinn Bhéarra tá Aoife Nic Dhiarmada agus a grúpa cuairteoirí trí na chéile. An tráthnóna dár gcionn, ionsaí as an nua; ansin faightear an corpán. Sceon, fuadar agus fiosrú dúnmharaithe.

Téann Aoife agus an Garda Réamonn Seoighe araon i mbaol beatha de réir mar dhruideann an tóir chun buaice. Beidh an léitheoir i ngreim ag an scéal seo ó thús go deireadh.

I gCóngar i gCéin
Pádraig Standún

I gCóngar i gCéin

Beirt Bhan Mhisniúla
Pádraig Ó Siadhail

Beirt Bhan Mhisniúla

Ólann mo Mhiúil as an nGainséis
Gabriel Rosenstock

This travel book follows the author and his wife on their travels through Dubai, India, Hong Kong, Japan, Australia, Chile and the US, charting both a physical and spiritual journey.

Seán Ó Ríordáin: Na Dánta
Seán Ó Ríordáin

Duine de mhórfhilí na Gaeilge ón bhfichiú haois ba ea Seán Ó Ríordáin. Sa leabhar seo, tá cnuasaithe le chéile faoi aon chlúdach amháin, den chéad uair riamh, saothar iomlán filíochta dá chuid: na trí chnuasach a foilsíodh lena bheo, Eireaball Spideoige (1952), Brosna (1964) agus Línte Liombó (1971), chomh maith leis an saothar a cuireadh i gcló tar éis don fhile imeacht ar shlí na fírinne, Tar Éis mo Bháis (1978).