Anna Heussaff

Is scríbhneoir í Anna Heussaff ar foilsíodh seacht n-úrscéal léi ó 2002 i leith: trí úrscéal bleachtaireachta do léitheoirí fásta, Bás Tobann (Cois Life 2004) agus Buille Marfach (CIC 2010) atá suite i mBéarra ar chósta an iardheiscirt, agus Scáil an Phríosúin (CIC 2015) atá suite i gCill Mhaighneann sa phríomhchathair; trí úrscéal mistéire do léitheoirí óga in aois 10–14 bliana, Vortex (Cois Life 2006), Hóng (CIC 2012) agus Sárú (CIC 2017), ina bhfuil cluichí físeán fite le heachtraí an scéil; agus úrscéal grá comhaimseartha d’fhoghlaimeoirí fásta, Cúpla Focal (Cois Life 2007). Bronnadh mórdhuais Oireachtais ar a bhformhór agus thuill Hóng Duais Speisialta na Moltóirí ó CBI/Leabhair Pháistí Éireann sa bhliain 2013.

Rugadh Anna Heussaff i 1957 agus tógadh le Gaeilge í i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil cónaí uirthi inniu. Foilsíodh a tráchtas MA faoin teideal Filí agus Cléir san Ochtú hAois Déag (An Clóchomhar 1992). Chaith sí trí bliana i Sasana ag obair le daoine gan dídean, agus ocht mbliana déag sna meáin chumarsáide in Éirinn, mar thaighdeoir agus mar léiritheoir/stiúrthóir raidió agus teilifíse in RTÉ.

Ó 2002 i leith, bíonn dreasanna teagaisc, aistriúcháin agus babhtaí oibre eile ar siúl aici mar aon leis an scríobh. Cuireann sí ceardlanna scoile ar siúl faoi scáth scéim na Scríbhneoirí sna Scoileanna/Writers in Schools. In 2010–2011, d’fhoilsigh Futa Fata i gcomhar le Dorling Kindersley trí leabhar fhíriciúla do dhaoine óga a d’aistrigh sí ó Bhéarla: Seo í mo Scoil, Leabhar Mór na hEalaíne agus Leabhar Mór an Cheoil.

Leabhair le Anna Heussaff:
Cúpla Focal
Anna Heussaff

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí na Bealtaine 2010

Úrscéal grá agus suirí i stíl éadrom spórtúil ó údar cáiliúil Bás Tobann. Imeachtaí aon tráthnóna amháin, ach ansin is iomaí insint ar eachtraí an aon lae. Oiriúnach d’fhoghlaimeoirí fásta agus mar scíthléitheoireacht.

Buille Marfach
Anna Heussaff

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí an Mhárta 2011

Dúnmharú agus mistéir - úrscéal nua ó údar móréilimh

Bean sínte ar bhóithrín uaigneach istoíche. Ar leithinis aoibhinn Bhéarra tá Aoife Nic Dhiarmada agus a grúpa cuairteoirí trí na chéile. An tráthnóna dár gcionn, ionsaí as an nua; ansin faightear an corpán. Sceon, fuadar agus fiosrú dúnmharaithe.

Téann Aoife agus an Garda Réamonn Seoighe araon i mbaol beatha de réir mar dhruideann an tóir chun buaice. Beidh an léitheoir i ngreim ag an scéal seo ó thús go deireadh.

Scáil an Phríosúin
Anna Heussaff

Baineann an scéal seo le dhá dhúnmharú faoi leith san áit chéanna, Príosún Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath. Tréimhse céad bliain atá idir an dá choir ach cén ceangal atá eatarthu?

Sa Pholl Báite
Anna Heussaff