Rugadh Alex Hijmans in Heemskerk, san Ísiltír, i 1975. Bhog sé go Gaillimh i 1995 chun Gaeilge a fhoghlaim mar chuid dá chéim sa Léann Ceilteach ag Ollscoil Utrecht na hÍsiltíre. Tar éis na céime, bhain sé an tArd-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach amach in Ollscoil na Gaillimhe agus thug sé faoi shlí bheatha san iriseoireacht in Éirinn. D’oibrigh Alex le Foinse, Raidió na Gaeltachta, RTÉ agus Nuacht TG4 ar feadh deich mbliana. D’aistrigh sé úrscéal do dhéagóirí, Maistín (Cló Iar-Chonnacht, 2001), ó Ollainis go Gaeilge agus léiríodh a dhráma Aingilín i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh in 2002. Foilsíodh gearrscéalta le hAlex sna hirisí Comhar, Crannóg agus Dúillí Éireann.
Ag deireadh na bliana 2007 thug Alex aghaidh ar Mheiriceá Theas, áit ar chaith sé leathbhliain ina chónaí i mbruachbhaile bocht - nó favela - ar imeall Salvador, an tríú cathair is mó sa Bhrasaíl. Sin is ábhar dá shaothar Favela (Cois Life, 2009) a ainmníodh ar an ngearrliosta de Ghradam Uí Shúilleabháin 2010, (Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta). Beidh a úrscéal nua Aiséirí ag teacht amach in 2011.
ClubLeabhar.com - Leabhar mhí Eanáir 2011
Cónaíonn Alex Hijmans i mbruachbhaile bocht, contúirteach sa Bhrasaíl. An t-aon duine den chine geal i gceantar plódaithe, ina bhfuil sliocht na nAfracach a tógadh chun na Brasaíle mar sclábhaithe ag streachailt leis an saol go laethúil, tá Alex ag iarraidh teacht ar rún mhuintir na háite: conas a éiríonn leo saol sona a chaitheamh in áit atá beo bocht?
Céad grianghraf. Céad aiste ghearr. Cur síos i bhfís agus i bhfocail ar thír aduain, anaithnid… atá i lár an aonaigh.
Ceannaigh na sé leabhar atá i sraith an earraigh 2015 de ClubLeabhar.com le chéile anseo agus gheobhaidh tú lascaine 10%.
Téann Eoin Ó Síocháin, gníomhaí óg cearta daonna as Co. an Chláir, go dtí an Bhrasaíl chun taighde a dhéanamh ar choimhlint fhuilteach idir treibh bhundúchasach agus úinéirí talún. De réir mar a chuireann sé aithne ar mhuintir na háite tagann sé ar an tuiscint nach bhfuil an scéal chomh simplí agus a shíl sé ar dtús – ach faoin am sin, tá sé rómhall. In aghaidh a thola, beidh ról lárnach le himirt ag Eoin sa choimhlint nuair a thagann sí chun buaice.