Treoir maidir le club leabhar a thosú

An réamhobair

[1] Déan ionad a aimsiú don chlub.

D’fhéadfadh daoine teacht le chéile i dteach tábhairne ach seans go mbeadh seomra ar fáil in ionad pobail nó sa leabharlann áitiúil. Tabhair cuairt ar an ionad roimh ré le déanamh cinnte go mbeidh sé oiriúnach. An leagan amach is fearr ná bord agus cathaoireacha timpeall air.

[2] Smaoinigh ar ainm don chlub, e.g. Club Leabhar Chill Chainnigh.

[3] Déan cinneadh maidir leis an am agus an lá den tseachtain a bheidh baill an chlub ag teacht le chéile.

D’fhéadfá triail a bhaint as 7.00 – 8.30 p.m. ach an t-am sin a athrú mura mbeadh sé oiriúnach do na baill go léir. Is dócha gurb iad an Luan – an Chéadaoin na hoícheanta is oiriúnaí agus gur fearr an deireadh seachtaine a sheachaint.

Nuair a bheidh cinneadh déanta maidir leis an am agus leis an lá, déan iarracht cloí leis an socrú sin gach mí. Is leor imeacht amháin sa mhí.

[4] Déan poiblíocht don chlub.

póstaer samplach curtha ar fáil ag Gaelchultúr duit agus ní bheidh le déanamh agat ach roinnt sonraí (e.g. ionad agus dátaí) a athrú ar an bpóstaer sin. Tá póstaer eile ar fáil anseo ar féidir úsáid a bhaint as chun poiblíocht a dhéanamh agus an club faoi lán seoil. B’fhiú eolas a sheoladh i mBéarla (nó go dátheangach) chuig nuachtáin áitiúla agus chuig stáisiúin raidió áitiúla mar gheall ar an gclub. Seo sampla den fhógra a d’fhéadfá a chur chucu:

A new Irish language book club is starting shortly here in Thurles. The club will meet on the last Tuesday of every month in Room 28 in the library on Cathedral Street. Each session will begin at 7.00 p.m. and last for an hour and a half. Membership is free. To find out what book is being discussed in the first session, which will take place on the 23rd of this month, please contact Sinéad on (086) 123 4567 or send an email to Sineadmacg@hotmail.com.

Tá tús á chur le club leabhar Gaeilge anseo i nDurlas go luath. Tiocfaidh baill an chlub le chéile ar an Máirt dheireanach de gach mí i Seomra 28 sa leabharlann ar Shráid na hArdeaglaise. Tosóidh gach seisiún ar 7.00 p.m. agus mairfidh sé uair go leith. Níl aon táille ballraíochta le híoc. Le fáil amach cén leabhar a bheidh á phlé sa chéad seisiún, a bheidh ar siúl ar an tríú lá is fiche den mhí seo, glaoigh ar Shinéad ag an uimhir (086) 123 4567 nó seol ríomhphost chuig Sineadmacg@hotmail.com.

[5] Nuair a ghlaofaidh daoine ort chun ceisteanna a chur faoin gclub leabhar, abair leo cad iad na leabhair a bheidh á bplé sa dá mhí atá le teacht agus cén áit ar féidir iad a cheannach. Tá liosta de na siopaí ar líne agus na siopaí i gcontaetha éagsúla in Éirinn le fáil sa rannóg ‘Siopaí leabhar’ ar Clubleabhar.com.

[6] Is leor triúr nó ceathrar ball mar thús (cairde de do chuid, cuir i gcás). Iarr orthusan a gcairde siúd a bhfuil Gaeilge acu a chur ar an eolas faoin gclub agus iad a spreagadh le bheith páirteach ann. Ba cheart go mbeadh sé mar sprioc agat timpeall deichniúr ball a bheith agat sa chlub. Fiú má bhíonn an líon sin i gceist, ní bheidh i láthair ach idir seisear agus ochtar de ghnáth, is dócha, agus is leor an méid sin daoine; bíonn sé deacair plé ceart a chur ar siúl má bhíonn an iomarca daoine i láthair.

[7] Tabhair cóip de na bileoga ‘Cúrsaí litríochta – frásaí agus stór focal úsáideach’ agus ‘Ceisteanna samplacha don chlub leabhar’ do gach ball den chlub, roimh an gcéad chruinniú más féidir. Cuir in iúl dóibh siúd atá eolach ar ríomhairí go bhfuil na bileoga seo le fáil ar Clubleabhar.com.

[8] Iarr ar na baill dul chuig Clubleabhar.com agus ballraíocht a bhaint amach (tá sé saor in aisce). Spreag iad chun a gcuid tuairimí maidir leis na leabhair a bheidh á bplé a chur in iúl ar fhóram an tsuímh.

[9] Cuir eolas ar aghaidh chuig Gaelchultúr maidir leis an gclub, i.e. cén lá agus cén t-am a bhíonn seisiúin an chlub ar siúl, seomra / ionad, cén áit a bhfuil eolas le fáil (uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist). Seo iad sonraí teagmhála Ghaelchultúir:

Teileafón: (01) 484 5220
Ríomhphost: eolas@gaelchultur.com

[10] Má bhíonn tuairimí ag na baill maidir leis na leabhair ba cheart a bheith mar leabhar na míosa ar Clubleabhar.com sa todhchaí, iarr orthu na tuairimí sin a sheoladh chuig Gaelchultúr nó déan thusa féin iad a sheoladh chugainn.

Ag stiúradh na seisiún féin

[1] Bí thusa ansin le fáilte a chur roimh na baill chuig na seisiúin agus iad a chur ar a suaimhneas.

[2] Bíodh an spás ina mbeidh baill an chlub ag teacht le chéile socraithe agat roimh ré.

[3] Tá sé tábhachtach go mbeadh duine éigin ina chathaoirleach ar an ngrúpa (tusa, is dócha) chun an plé a stiúradh agus a chinntiú nach ndéanfaidh duine amháin an iomarca cainte.

[4] Bíodh an leabhar léite agatsa sula dtagann an grúpa le chéile le hé a phlé.

[5] Scríobh síos uimhreacha na leathanach is tábhachtaí sa leabhar chun go mbeidh tú in ann na sleachta sin a aimsiú go héasca le linn an phlé.

[6] Tabhair deis do dhaoine eile a gcuid tuairimí a thabhairt ar dtús sula ndéanann tusa do chuidse tuairimí a chur in iúl.

[7] Má tá daoine ciúine sa ghrúpa nó daoine nach bhfuil muiníneach as a gcuid Gaeilge, cuir ceisteanna simplí orthu ó am go chéile a mbeidh freagraí gearra orthu. Ná cuir an iomarca brú orthu, áfach!

[8] Beidh daoine áirithe ann a thosóidh ag caint ó am go chéile faoi nithe eile seachas an leabhar. Tá sé tábhachtach gan ligean do dhaoine dul thar fóir; mar éascaitheoir (facilitator) tá sé de dhualgas ortsa an comhrá a dhíriú arís ar an leabhar.

[9] Ní gá cloí go docht leis na ceisteanna samplacha – níl iontu ach treoir. Uaireanta, spreagfaidh leabhar a lán cainte agus b’fhéidir nach n-éireoidh leat ach cúpla ceann de na ceisteanna a phlé leis an ngrúpa.
Má scríobhann tú amach do chuid ceisteanna féin le plé le linn seisiúin, seachain ceisteanna atá róghinearálta mar “An maith leat an leabhar seo?” Is fearr i bhfad ceisteanna oscailte a chur.

[10] Slí mhaith amháin le deireadh a chur leis an gcomhrá ná trí iarraidh ar gach duine sa ghrúpa a thuairim maidir leis an leabhar a thabhairt go hachomair. Is féidir iarraidh orthu marc as 10 a thabhairt don leabhar chomh maith.

[11] Léirigh meas i gcónaí ar chuid tuairimí na mball. Ná habair aon rud diúltach faoi thuairimí duine eile, fiú má easaontaíonn tú go láidir leo.

[12] Fágfaidh daoine an club de réir a chéile mar gheall ar chúrsaí oibre, cúraimí teaghlaigh, etc. Tá sé tábhachtach, mar sin, leanúint leis an bpoiblíocht agus na baill a spreagadh chun cuireadh a thabhairt dá gcairde chuig an gclub.