Forums » Book of the Month - September 2014 - Malairt Scéil » Súil le Breith - is fiú go mór é a léamh

Súil le Breith - is fiú go mór é a léamh

Messages

Author Message
Súil le Breith - is fiú go mór é a léamh
Danú
27/11/2014 09:48:37

Nuair a foilsíodh Súil le Breith breis is 30 bliain ó shin, ba mhisniúil agus ba réabhlóideach, fiú, an t-ábhar a bhí á phlé ann, go háirithe agus an t-údar ina shagart é fein - ról an tsagairt agus go háirithe an cosc ar phósadh agus ar chaidrimh ghnéis ag sagairt. B’annamh ar fad caint oscailte faoina leithéid an tráth sin agus níor tháinig scéal an easpaig Eamon Casey chun solais go ceann ocht nó naoi mbliana eile.

Tá sé suimiúil an leabhar a athléamh anois agus é a mheas mar úrscéal seachas mar ábhar conspóide amháin. Tá na ceisteanna faoi ról an tsagairt fite go maith san scéal, dar liom, agus tugtar an-léargas ar chúraimí an tsagairt i bpobal tuaithe agus oileáin - é mar chinnire pobail ag iarraidh daoine a spreagadh le dul i ngleic le himirce agus easpa misnigh, mar shampla. Gluaiseann an scéal go réidh, ach bhraith mé easpa teannais agus drámaíochta in amanna, de réir mar a bhí bean tí agus céile leapa an tsagairt, Marion, ag éirí imníoch go raibh sí ag súil le leanbh. Corruair freisin, bhraith mé go raibh an cur síos ar chúrsaí imirce agus ar bhánú na tuaithe pas seanchaite - ní hé nach raibh fírinne ann ach go raibh clíséanna sa tslí ar léiríodh í.

Maidir leis na roghanna atá le déanamh ag Tom, an sagart sa scéal, tá sé suntasach gur chuir sé béim ar dhualgas gach tuismitheora i leith a pháiste féin - teagasc nach raibh go mór i mbéal úrlabhraithe na Róimhe nuair a bhris scéal Casey an tost mór a bhí ceangailte acu ar an bpobal go dtí sin.

Is fiú go mór Súil le Breith a léamh, más ea, cé go bhfuil corrlaige ann. Tá na carachtair spéisiúil agus tá an chaint an-nádúrtha mar a bhíonn i gcónaí ag Padraig Standún; agus leag an t-údar síos múnla atá á leanúint aige go tréan ó shin, go dtéann sé i ngleic go neamhfhaiteach le ceisteanna corracha an tsaoil inniu. Faraor, níl agann ach seilfín úscéalta a bhfuil sin le rá fúthu.