Fóraim » Leabhar mhí na Nollag 2014 - Seal san Aetóip » Cuntas taistil an-spéisiúil ach ceist faoin struchtúr

Cuntas taistil an-spéisiúil ach ceist faoin struchtúr

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Cuntas taistil an-spéisiúil ach ceist faoin struchtúr
Danú
28/01/2015 11:53:50

Is leabhar é seo a thugann cuntas agus léiriú físiúil ar chuairt ar an Aetóip, tír an-spéisiúil a bhfuil stair ársa aici agus nár éirigh leis an Eoraip smacht cóilíneachta a fháil uirthi. Tá sé scríofa go han-mhaith, mar a bhí an chéad leabhar taistil ag an údar Frank Reidy, ‘Ó Chósta go Cósta, agus tá grianghrafanna agus léaráidí áille ann a thugann an-léargas ar an dreach tire fíorshuntasach, an oidhreacht ailtireachta,agus saol an phobail.

Sílim gur bhotún a bhí ann, áfach, díriú ar Áirc an Chonartha mar théama lárnach seachas mar ábhar caibidle nó dhó sa leabhar. Nuair a chonaic mé an tagairt don Áirc ar an gclúdach, bhí amhras orm an gcuirfinn spéis i leabhar a dhíreodh chomh mór sin ar chúrsaí creidimh. Mar a tharla sé, tá stair agus miotais na hÁirce - agus an bhaint atá acu le Teamhair na Rí in Éirinn - spéisiúil ach ní raibh freagra le fáil ag an údar ar na buncheisteanna a thóg sé faoin ábhar. Dá réir sin, shil mé gurbh fhearr go mór téama níos leithne a fhógairt ar an gclúdach, msh, cuairt ar thír a shaibhríonn go mór ár dtuiscint ar chultúr na hAfraice. Ar deireadh, bhí an cuntas ar réimeas Haile Selassie agus an deachtóireacht chumannach a lean é níos spéisiúla domsa ná scéal na hÁirce.

Ceist freisin maidir leis an dá scéal I bhfoirm greannáin a cuireadh sa leabhar - smaoineamh deas ach b’fhearr cúis níos láidre a bheith leo le go luífidís go maith sa leabhar.

É sin ráite, is fiú go mór Seal san Aetóip a léamh, dar liom, agus tá plé spreagúil agus criticiúil air le fáil ar an bpodchraoladh anseo. Chuir an leabhar fonn orm cuairt a thabhairt ar an Aetóip, agus is cúis molta é sin I gcás leabhair taistil!