I dTír Strainséartha

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
I dTír Strainséartha
Seán Mistéil
18/02/2015 19:44:03

An-tógtha leis an leabhar seo idir phearsain agus eachtraí a bhaineann dóibh. Sula shricheann Lúcás an “tír strainséartha” bíonn turas an-spéisiúil aige ar an mbád anall as Gaillimh.

Níor léigh mé “An Litir” (go fóill). Sílim nach bhfuil bac ar bith tuisceana ar an “scéal” ina iomláine dá bharr sin.

Thaitn stíl Mhic Cóíl liom go mór.

RE: I dTír Strainséartha
Danú
28/04/2015 09:40:26

Aontaím le Seán Mistéil - scéal bríomhar, beoga agus thar a bheith soléite, atmasféar na linne cruthaithe go fíormhaith, creidim, agus carachtair spéisiúla ann tríd síos. Bhí ‘An Litir’ léite agam cheana ach déarfainn nár ghá é sin le taitneamh a bhaint as I dTír Strainséartha’.

RE: I dTír Strainséartha
darraghtorc
01/07/2016 21:01:22

Thaitin an t-úrscéal seo liom. Bhí an chéad leabhar sa tsraith léite agam sular thugas faoin gceann seo. Ba chabhair an méid sin, i ndáiríre, agus mholfainn daoibh amhlaidh a dhéanamh. I dtús an scéil, tá an príomhcharactair, Lúcás, ar bord loinge. Cheapas go raibh an chuid sin den leabhar taitneamhach ach amháin go raibh sé beagáinín rófhada. Tá an chéad stad eile suite i Sasana agus déantar mion-chur síos ar shaol agus ar thírdhreach Shasana. Ba dhóigh liom go raibh an gné sin that cionn. Sa chuid seo den leabhar, áfach, bhíos ag streachailt agus ba mhór an dua leanúint ar aghaidh. Is sa chuid deireanach den leabhar, ó Glastonbury ar aghaidh, a thuill an leabhar a stádas mar scéal eachtraíochta, le neart aicsin agus troide.

I ndeireadh thiar, áfach, b’iontach an leabhar é seo. Ba chliste agus b’éifeachach mar a dhein an Cóileach Béarla coimhthíoch na Sasanach a chur i láthair dúinn. D’éirigh leis an stair a shníomh isteach chomh maith, ar bhéalach réasúnta réchúiseach. Táim ar bís ag fanacht ar an gcéad leabhar eile!

8/10

RE: I dTír Strainséartha
lucyrua
13/06/2017 20:19:11

Thaitin an leabhar liom ach ní chomh mór leis an gcéad ceann. D’airigh mé nach raibh mórán dul chun cinn a dhéanamh ag Lúcás agus cheap mé nach raibh aon ghá leis an scéalaí nua, Dualach. Mar sin féin bhí sé fíor thaitneamhach, go háirithe na carachtair éagsúla a chaith sé leis ar a thuras, leithéidí Wriothleisy. Bhí leideanna ann freisin d’eachtrannaigh comhaimseartha staire, nod don eolach mar a déarfá ach nár tháinig salach ar luas an scéil. Mhéadaigh an mistéir is dóigh sa leabhar seo is dóigh liom. Is fiú go mór an litir a léamh. Tá sé níos fearr arís i mo thuairim. Ag tnúth leis an tríú cheann go mór.