A chairde,
Ba mhór ag Cois Life, IMRAM agus ClubLeabhar.com tú a bheith i láthair nuair a sheolfar an leabhar Sceon na Mara le Liam Ó Muirthile ag 7.00 p.m., Dé Céadaoin, 15 Meán Fómhair, sa Culture Box, 12 Sráid Essex Thoir, Baile Átha Cliath 2. Cuirfidh Catherine Foley agallamh ar Liam i dtaobh a shaoil is a shaothair.
Scaip an scéala, le bhur dtoil, agus téigí chuig an seoladh má bhíonn deis agaibh!
Ádh mór,
ClubLeabhar.com
|