Fóraim » Plé ginearálta » Léamhanna Peregrine i mBAC, An Daingean, Gaillimh agus Corcaigh Aibreán +Bealtaine 2011

Léamhanna Peregrine i mBAC, An Daingean, Gaillimh agus Corcaigh Aibreán +Bealtaine 2011

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Léamhanna Peregrine i mBAC, An Daingean, Gaillimh agus Corcaigh Aibreán +Bealtaine 2011
Lucy an Léitheoir
26/04/2011 17:18:32

A Chairde,

Thug mé faoi deara alt san Irish Times ag rá go mbeidh sraith léamhanna a reachtáil ag Aras na Scríbhneorí amach anseo, ag tosú anocht i mBaile Átha Cliath. Seo iad na dataí agus na hionaid atá i gceist.

Dé Máirt 26 Aibreán ag Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath Léamhanna le Pól Ó Muirí, Colette Nic Aodha, Mícheál Ó Ruairc.

Dé hAoine 29 Aibreán ag An Lab sa Mhainistir, Scoil na mBráithre, An Daingean Léamhanna le Maidhc Dainín Ó Sé, Colette Nic Aodha, Mícheál Ó Ruairc.

Déardaoin 5 Bealtaine ag Teach Tábhairne McGinns, na Céanna, Cathair na Gaillimhe Léamhanna le Pól Ó Muirí, Colette Nic Aodha, Mícheál Ó Ruairc.

Déardaoin 19 Bealtaine ag Anam Cara Retreat Centre, Eyeries, Co. Chorcaí Léamhanna le Colette Nic Aodha, Mícheál Ó Laoghaire, Mícheál Ó Ruairc.

Tá tuilleadh eolas ar fáil ag www.writerscentre.ie

Breis léamhanna Peregrine i mBAC agus Gaillimh ar an 22 agus 24 Samhain 2011 faoi seach.
Lucy an Léitheoir
15/11/2011 18:29:15

Beidh breis léamhanna Peregrine i mBAC agus Gaillimh ar an 22 agus 24 Samhain 2011 faoi seach.

I rith na seachtaine dar tús 21 Samhain beidh Mícheál Ó Conghaile, Jackie Mac Donncha agus Joe Steve Ó Neachtain ag léamh a saothar.

Beidh Micheál Ó Conghaile agus Jackie MacDonncha ag léamh in Áras na Scríbhneoirí ar 22 Samhain agus ar an 24 Samhain i Leabharlann na Ceathrú Rua léifidh MacDonncha agus Joe Steve Ó Neachtain.

Tosóidh na léamhanna in Áras na Scríbhneoirí ag 7.30 p.m. agus i Leabharlann na Ceathrú Rua is ag 6.30 p.m. a thosóidh siad.

Beidh Mícheál Ó Ruairc mar Fhear an Tí ar an dá ócáid.

Seolfar duanaire de nualitríocht na Gaeilge dar teideal Twisted Truths ag 6.00p.m. in Áras na Scríbhneoirí ar 22 Samhain roimh na Léamhanna Peregrine.’